Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ioel 2:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ṡeidiġ an stoc a Sion, agus fuáimniġ gáir ann mo ṡlíaḃ náoṁṫa: crioṫnuiġedís luċt áitreaḃṫa na tíre uile: óir tig lá an TIĠEARNA; óir atá sé a ḃfogus;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ioel 2:1
53 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Marso ṫug Israel airc ċunnarṫa an TIĠEARNA leó maille re gárrṫuiḃ, agus lé fuáim an ḃúaḃuill, agus le stocaiḃ, agus le Cimḃaluiḃ, ag déanaṁ coṁġoṫa lé saltraċaiḃ agus le cláirseaċaiḃ.


Crioṫnuiḋ mfeoil ré heaglasa; agus atá úaṁan do ḃreiṫeaṁnuis orum.


A ḃunait féin annsna sléiḃtiḃ naoṁṫa.


Agus do ċuádar na lócuistiġ súas ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile, agus do ḟasadar a ttóranuiḃ na Hégipte uile: do buḋ roḋoiliġ íad: ní raiḃ a leiṫeid do lócuistiḃ rompa a ríaṁ, agus ní mo ḃías a leiṫeid na ndiáiġ.


¶ Núalluiġse; óir atá lá an TIĠEARNA do saṫair; tiucfa mar scrios ó Nuileċuṁaċdaċ.


Féuċ, atá lá an TIĠEARNA ag teaċd, fuilteaċ aráon le dioġaltas agus le feirg ḋíscir, de ḋéanaṁ na tíre uáigneaċ: agus léirsgriosfuiḋ sé na peacaċasan aiste amaċ.


Oír biáiḋ lá ṪIĠEARNA na slóġ ar gaċ uile ḋuine dá ḃfuil úaiḃreaċ árd, agus ar gaċ áon ṫógṫar súas; agus do bearfuiġṫear sios é:


Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir.


¶ Eistiġ bríaṫra an TIĠEARNA, a ḋrong ċriṫeaglas ré na ḃréiṫir; Oir a dúḃradar ḃur ndearḃráiṫre dfúaṫaiġ siḃ, do ṫeilg amaċ siḃ ar son manmasa, Go ma glorṁar an TIĠEARNA: aċ taisbéanfuiḋ seision ċum ḃur lúaṫġáiresi, agus beidsion fá náire.


¶ Agus tiucfa a ccríċ, a nuáir innéosas tú na bríaṫraso uile do na daoiniḃsi, agus a déaruidsin riotsa, Cred far ḟúagair an TIĠEARNA an lán uilcsi ar naġaiḋne? nó créd é ar néigceart? no cred é ar bpeacaḋ noċ do rinneamar a naġaiḋ an TIĠEARNA ar Ndía?


Ní mó stíallfuid daóine íad féin ar a son a ccuṁaiḋ, da ccoṁḟurtaċd ar son na marḃ; ní mó ḃéuruid daóine cupán coṁṡóláis doiḃ dól ar son a naṫar nó a maṫar.


Foillsiġiḋ siḃsi ann Iúdah, agus súagraḋ ann Ierusalem; agus abruiḋ, Séidiġsi an stoc annsa dúṫaiġ: fúagraiḋ, cruinniuġaḋ a ccionn a ċéile, agus abruiḋ, Cruinniġiḋ siḃ féin, agus teanam annsna caiṫreaċaiḃ daingne.


Naċ ḃfuil eagla oruiḃ roṁamsa? a deir an TIĠEARNA: naċ ccrioṫnoċuiḋe am laṫairsi, noċ do áitreiḃ an gaineaṁ mar ṫéoruinn do nfairge maille ré hórduġaḋ síoṫḃúan, naċ féidir lé ḋul ṫairis: agus mátá go tiomáinfid a tonna íad féin, giḋeaḋ ní ḃéaruid buáiḋ; mátá go ttonnġáirfid, aċt ċeana ní raċuid ṫairis?


Innis dóiḃ ar a nadḃarsin, Is marso a deir an Tíġearna DIA, Do ḃéara misi air an seanráḋ so scur, agus ní ḃiáiḋ aca ní sa ṁó mar ṡeanḟocal a Nisrael; aċt abair ríu, Atáid na láeṫe do laṫair, agus bríaṫar gaċ uile ḟise.


Eíġ agus núalluiḋ, a ṁic an duine: óir biáiḋ sé air mo ḋaoiniḃsi, bíaiḋ se air ṗrionnsaḋiḃ Israel éile: biáiḋ úaṁan do ḃríġ an ċloiḋiṁ air mo ṗobalsa: uimesin buáil air do ṡlíasuid.


Oír is fogus an lá, eaḋon atá lá an TIĠEARNA a ccoṁḟogus, lá néullaċ; buḋ í sin uáir na ngeinteaḋ.


Má ṡéidioun sé an stoc, an tan do ċífe sé an ccloiḋeaṁ ag teaċd air an ttír, agus an pobal do ċur ar a ccoiṁead;


Aċt má ċí an fear faire an cloiḋeaṁ ag teaċt, agus naċ séidfiḋ sé an stoc, agus naċ ttiuḃarṫar raḃaḋ don ṗobal; má ṫig an cloiḋeaṁ, agus go mbéara pearsa ar biṫ leis as a measc, do rugaḋ ar siuḃal é íona éicceart; aċt iarrfa mé a ḟuil as láiṁ a nfir faire.


Féuċ an lá, féuċ, ṫáinic sé: do ċuáiḋ an ṁáidin amaċ; ṫáinic bláṫ air an tslait, do ġin an túaḃar.


Ṫáinic an tam, atáid na láeṫe ag teaċt a ḃfogus: ná gáirdiġéaḋ an ceannuiġe, ná caóiġeaḋ an reacaire: óir atá fearg air a iomadaṁlaċt uile.


Do nímsi órduġaḋ, An gaċ uile ṫiġearnas dom rioġaċd go mbiáiḋ crioṫ, agus uáṁan air a nuile roiṁe Día Ḋániel: óir isé an Día béo é, agus daingion go bráṫ, agus isí a rioġaċt naċ sgriosfuiġear ċoiḋċe, agus biáiḋ a ṫiġearnas go deireaḋ.


¶ O a Ṫiġearna, do réir huile ḟíréantaċd, íarruim daṫċuinġe ort, filltear ar ais ṫfearg agus ṫfíoċṁaireaċd ó do ċaṫruiġ Ierusalem, do ṡlíaḃ náoṁṫa: do ḃríġ gurob ar son ar bpeacuiġne, agus ar son éigceart ar naiṫreaḋ, atá Ierusalem agus do ṗobal na scannail do nuile dá ḃfuil gaċa táoḃa ḋínn.


¶ Agus an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt, agus ag guiḋe, agus ag adṁáil mo ṗeacuiġ agus peacaḋ mo ṗobail Israel, agus ag cur mo ġearáin a laṫair an TIĠEARNA mo Ḋía ar son ṡléiḃe náoṁṫa mo Ḋé;


Séidiġse an ḃúaḃall ann Gibeah, agus an stoc ann Rámah: coṁairciḋe ós áird a Mbet‐aḃen: ad ḋiaiġsi, a Ḃeniamin.


Cuir an stoc ċum dó ḃéil. Tiucfuiḋ sé aṁuil iolar a naġaiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡáruiġeadar mo ċunnraḋ, agus gur ċiontuiġeadar a naġaiḋ mo ḋliġe.


Mo ṫruáiġe ar son an laói! óir atá lá an TIĠEARNA do laṫair, agus tiucfa sé aṁuil scrios ó Nuileċuṁaċdaċ.


Agus laiḃeoruiḋ an TIĠEARNA a ġuṫ as coinne a ṡlúaġ: óir is ro ṁór a ḟoslongṗort: óir is láidir an té ċríoċnuiġios a ḟocal: óir is mór lá an TIĠEARNA, agus ro úaṫḃásaċ; agus cía ḟéadas a ḟulang?


¶ Séidiġ an stoc a Sion, náoṁuiġ troscaḋ, goiriḋ coiṁṫionól sollamonta:


Fillfiġear an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, rioṁe an lá mór agus úaṫḃásaċ an TIĠEARNA do ṫeaċt.


Slúaġ mór, slúaġ mór a ngleann na ceannairge: óir atá lá an TIĠEARNA a ccoṁḟogus a ngleann na ceannairge.


Marsin aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía ag áitreaḃ ann Sion, mo ṡlíaḃ náomṫa: annsin biáiḋ Ierúsalem náoṁṫa, agus ní raċfuiḋ coiṁiġṫeaċ ar bioṫ ṫríṫe ní is mó.


An séidfiġear stoc annsa ċaṫruiġ, agus gan eagla do ḃeiṫ air an bpobal? an mbiáiḋ olc annsa ċaṫruiġ, agus naċ é an TIĠEARNA do rinne é?


A ṁairg ḋíḃsi air a ḃfuil fonn laói an TIĠEARNA! cred é so ḋíḃ se? is dorċadus lá an TIĠEARNA, agus ní solus.


Agus a duḃairt sé, A Amois, cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Clíaḃ do ṫoraḋ saṁruiġ. Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa. Ṫáinic an deireaḋ air mo ṗobal Israel; ní ġéaḃa mé láiṁ ríu ní is mó.


Oír atá lá an TIĠEARNA a ḃfogus air na geintiḃ uile: mar do rinne tusa, do ḋéantar aṁluiḋ riot: iompoċa do luáiḋeaċt air do ċionn féin.


Atá lá mór an TIĠEARNA á ḃfogus, atá sé a ngar, agus deiṫfríġiḋ sé go mór, eaḋon gúṫ laoi an TIĠEARNA coṁaircfiḋ an duine cuṁaċtaċ annsin go haiḋṁéil.


Lá stoc agus fúagarṫa a naġaiḋ na ccaiṫreaċ ndaingean, agus a naġaiḋ na ttor nárd.


Bí ad ṫoċd lé faicsin an Tiġearna DIA: óir atá lá an TIĠEARNA do laṫair: óir do ġléas an TIĠEARNA íoḋbuirt, dfúagair sé dá luċt cuiriḋ.


Annsa ló sin ní ḃiáiḋ náire ort ar son huile gníoṁ, ionar ṡáruiġ tú am aġuiḋsi: óir annsin do ḃéara me amaċ as do lár an ṁéid ġáirdiġios ann húaḃar, agus ní ḃiáiḋ tú uáiḃreaċ ni is mó do ḃríġ mo ṡléiḃte náoṁṫasa.


Feuċ, atá lá an TIĠEARNA ag teaċt, agus roinnfiġear héadail a stiġ ann do lár.


Is marso a deir an TIĠEARNA; Dfill mé ċum Sion, agus áitreoċa mé a meaḋón Ierusalem: agus goirfiġear caṫair na fírinne do Ierusalem; agus slíaḃ TIĠEARNA na slóġ don tslíaḃ náoṁṫa.


Oir, féuċ, tiucfa an lá loiscfios aṁuil bacús; agus na húaiḃriġ uile, fós, a nuile ḋuine do ní urċóid, béid na cconnlaċ: agus loiscfiḋ an lá ṫiucfas íad súas, a deir TIĠEARNA na slóġ, iondus naċ ḃtágfa fréuṁ nó beangán díoḃ.


Déana ḋuit féin ḋa ṫrumpa airgid; do ṗíosa iomlán ḋéanas tú íad: go ngnaṫuiġiḋ tú íad ag gairm a noireaċduis, agus do ġluaiseaċd na slúaġ.


Agus a nuáir ṡéidfuiġear íad, cruinneoċuid uile ċugad ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.


Mar an gcéudna má ḃeir an trompa fuáim neiṁċinnte úaḋ, cía uillṁéóċas é fein ċum caṫa?


Uime sin, a ċaired, aṁuil tug siḃ úṁlaċd uáiḃ a goiṁnuiḋe, ní hé aṁáin dom láṫairse, aċd a nois go mórṁór ar mbeiṫ ḋaṁ ḃur ḃféugṁuis, sáoṫruiġe ḃur slánuġaḋ féin maille ré faitċéas agus ré crioṫnuġaḋ.


Oír atá a ṡáirḟíos aguiḃ féin go dtiucfuiḋ lá an Tíġearna mar ġaduiġe sa noiḋċe.


Bíġiḋse mar an gcéudna foiġideaċ; agus neartuiġe ḃur gcroíḋṫe: óir is fogus dúinn teaċd an Tíġearna.


Agus atá críoċ na nuile neiṫeann ag druid rinn: uime sin bíġiḋ measarrġa, agus déunuiġ faire a nurnuiġiḃ.


Oír táinic lá mór a ḟeirge; agus cía ḟédus seasaṁ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ