Aċt air ar soinne, is é an TIĠEARNA ar Ndía, agus níor ṫréigeamar é; agus isíad mic Aáron na sagairt, noċ do níḋ miniostralaċd don TIĠEARNA, agus na Leḃitiġ ag feiṫioṁ ar a nobair feín:
Agus glacsa ċugad Aáron do ḋearḃraiṫir, agus a ṁic maille ris, ó ṁeasg ċloinne Israel, ċor go ndéana sé miniostralaċd ḋaṁsa a noifig an tsagairt, eaḋon Aáron, Nadab agus Abihú, Eleasar agus Itamar, mic Aáron.
Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.
Caóinid sliġṫe Ṡion, do ḃríġ naċ ttíg duine ar biṫ ċum a nféusta ṡollamonta: atáid a huile ġeataḋa uáigneaċ: osnuiġid a sagairt uile, atáid a maiġdiona píanta, agus atá sí féin a searḃus.
Ní ofráilfid síad ofráil ḟíona don TIĠEARNA, ní mó ḃéid dúileaṁuil dósan: biáiḋ a níoḋbarṫa ḋóiḃ féin aṁail arán na ngúḃṫaċ; biáiḋ an ṁéid íosas de sin salaċ: óir ní ṫiucfuiḋ a narán ar son a nanma go tiġ an TIĠEARNA.
Criosluiġiḋ siḃ féin, agus caóiḋiġ, a ṡagarta: núalluiḋsi, a ṡeirḃísiġ na haltóra: tigiḋ, luiġiḋ ar feaḋ na hoiḋċe a saicéadaċ, siḃsi seirḃísiġ mo Ḋé: óir do congṁaḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe ó ṫiġ ḃur Ndé.
Guiledís na sagairt, seirḃisiġ an TIĠEARNA, eidir an bpóirse agus a naltoir, agus abraidís, Coigil do ṗobal, a ṪIĠEARNA, agus ná taḃair hoiġreaċt ċum masla, iondus go riaġloċaidís na geinte ós a ccionn: cred as a naibeoraidís a measc an ṗobail, Cait a ḃfuil a Ndia?