4 Diṫ an lócust an ní dfág an ṗíast palmer; agus an ní dfág an lócust a duáiġ an ṗéist ċancair; agus an ní dfág an ṗéist ċancair a duáiġ an caterpiler é.
¶ Má ḃíonn gorta annsa tír, má ḃíonn pláiġ, gáoṫ rúaḋ, ceó millteaċ, lócuistiġ, nó ma ḃíonn peist millteaċ; má ṡuiḋeann a náṁuid na mbun a ndúiṫċe a ccaiṫreaċ; giḋ bé ar biṫ pláiġ, giḋ bé ar biṫ éaslaínte ḃiás ann;
¶ Má ḃíonn gorta annsa dúiṫċe, má ḃíonn pláiġ, má ḃíonn sunnġaoṫ, nó drúċd millteaċ, nó lócust, nó spridneanta; agus má ṡuiġid a naiṁde na ttímċioll a ccaiṫreaċaiḃ a ttíre; giḋ bé goiṁ nó giḋ bé tinneas ḃías ann:
Agus faleoċuid síad aġaiḋ na talṁun, naċ buḋ féidir le duine an talaṁ dfaicsin: agus íosuid síad an fuiġioll do ċuáiḋ as don ní noċ do ṁair aguiḃsi ón ċloiċṡneaċda, agus íosuid gaċ uile ċrann dar ḟás díḃ as an ttalaṁ:
Do ṁionnuiġ TIĠEARNA na slóġ tre na anam féin, ag ráḋ, Go deiṁin líonfa mé ṫú lé daóiniḃ, mar buḋ lé catirpiléuruiḃ, agus tógfuid síad gáir súas ad aġaíḋsi.
Cuiriḋsi brataċ súas annsa tír, séidiġ an stoc a measc na ccineaḋaċ, ullṁuiġiḋ na críoċa na haġaíḋ, goiriḋ a ccionn a ċéile na haġaíḋ rioġaċta Ararat, Minni, agus Asċénas; órduiġiḋ caiptín na haġaíḋ; tugaiḋ aír a heaċaiḃ ṫeaċt súas aṁuil catirpilearuiḃ garḃa.
Do ḃuáil mé siḃ le loscaḋ gaóiṫe agus le milċéo: an tan dfásadar ḃur ngáirdíne agus ḃur ḃfíneaṁna agus ḃur ccroinn fíge agus ḃur ccroinn ola, do ṁill an ṗéisd palmer íad: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
Marso do ṫaisbéin an TIĠEARNA Día ḋaṁsa; agus, féuċ, do ċum sé a ttus ṫeaċt amaċ an dara fáis; agus, féuċ, do bé sin an fás deiġionaċ déis spealadóireaċda an ríġ.
Agus imaiṫḃeorad an millteaċ ar ḃur sonsa, agus ni ṁillfiḋ sé torrṫa ḃur ttalṁan; ní mó ṫeilgfeas ḃur ḃfineaṁain a toraḋ roiṁe a nam san maċaire, a deir TIĠEARNA na slóġ.