Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ioel 1:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Criosluiġiḋ siḃ féin, agus caóiḋiġ, a ṡagarta: núalluiḋsi, a ṡeirḃísiġ na haltóra: tigiḋ, luiġiḋ ar feaḋ na hoiḋċe a saicéadaċ, siḃsi seirḃísiġ mo Ḋé: óir do congṁaḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe ó ṫiġ ḃur Ndé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ioel 1:13
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin do ġuiḋ Dáiḃi Día fá an leanaṁ; agus do ṫroisg Dáiḃi, agus do ċuáiḋ a steaċ, agus do luiḋ feaḋ na hoiḋċe ar an talaṁ.


¶ Agus tárla, a nuáir do ċuála Ahab na bríaṫra sin, gur réub sé a éadaċ, agus gur ċuir saicéadaċ ar a ċorp, agus gur ṫroisg, agus gur luiḋ a néadaċ tóinniġ, agus gur imṫiġ go mín.


Agus annsa ló sin do ġoir Tiġearna DIA na slóġ air ġul, agus air ċaói, agus ar ṁaóile, agus air ċriosluġaḋ lé saicéadaċ:


Aċt goirfiġear ḋíḃsi Sagairt an TIĠEARNA: goirfid na daóine Minisdrí ar Ndé ḋíḃ: íostaói saiḋḃrios na ngeinteaḋ, agus ann a nglóir ṁáoiṫfiḋe siḃ féin.


Uime so criosluiġiḋ siḃ féin le saicéadaċ, caóiḋiġ agus núalluiġiḋ: óir níor hiompoiġeaḋ fearg ḃorb an TIĠEARNA uáinn ar a hais.


Ar na sléiḃtiḃ tóigfiod súas golġáir agus gúḃa, agus ar son áitreaḃṫaċa a nfásuiġ caóineaḋ, do ḃríġ go ḃfuilid loisge, iondus naċ féidir dáon gaḃáil ṫársa, agus naċ ccluinid gúṫ na háirnéisi; do ṫeiṫ araon éunlaiṫ a naiéir agus an beaṫaċ; atáid ar nimṫeaċt.


Eíġ agus núalluiḋ, a ṁic an duine: óir biáiḋ sé air mo ḋaoiniḃsi, bíaiḋ se air ṗrionnsaḋiḃ Israel éile: biáiḋ úaṁan do ḃríġ an ċloiḋiṁ air mo ṗobalsa: uimesin buáil air do ṡlíasuid.


Agus do ḋéanuid síad íad féin uile máol ar do ṡonsa, agus criosloċuid íad féin a saicéadaċ, agus guilfid ar do ṡon maille re doilġios croiḋe agus lé núallġuḃa searḃa.


Criosloċuid íad féin lé saicéadaċ, agus foileoċuiḋ úaṫḃás íad; agus biáiḋ náire air na huile aiġṫiḃ, agus maóile air a cceannuiḃ.


Cred do ḋéantaói san ló ṡollamanta, agus a ló ḟéusta an TIĠEARNA?


¶ Uimesin fós anois, a deir an TIĠEARNA, Filliḋsi ċugamsa maille re ḃur nuile ċroiḋe, agus le trosgaḋ, agus lé gul, agus lé dóḃrón:


Cía agá ḃfuil a ḟios má ḟilleann sé agus má ní sé aiṫriġe, agus beannaċd dfágḃáil na ḋiáiġ; eaḋon ofráil ḃíḋ agus ofráil ḋíġe don TIĠEARNA ḃur Ndia?


Guiledís na sagairt, seirḃisiġ an TIĠEARNA, eidir an bpóirse agus a naltoir, agus abraidís, Coigil do ṗobal, a ṪIĠEARNA, agus ná taḃair hoiġreaċt ċum masla, iondus go riaġloċaidís na geinte ós a ccionn: cred as a naibeoraidís a measc an ṗobail, Cait a ḃfuil a Ndia?


Agus buḋ í a nofráil diġe leaṫ hin ḟíona le gaċ bulóig, agus an treas cuid do hin le reiṫe, agus an ceaṫraṁaḋ cuid do hin le húan: sí so a nofráil loiscṫe ánn gaċ éinṁí ar feaḋ míos na blíaḋna.


Uán díoḃ ofráilfeas tú ar maidin, agus an túan oile tráṫnóna.


Agus buḋ hé ofráil diġe ḋó sin an ceaṫraṁaḋ cuid do hin ar son éanuáin: annsa náit náoṁṫa do ḃéara tú fa deara an fíon láidir do ḋórtaḋ don TIĠEARNA mar ofráil diġe.


Taoḃ amuiġ dofráil loiscṫe na míos, agus a ofráil ḃíḋ, agus a níoḋbuirt loiscṫe laéṫeáṁuil, agus a ofráil ḃíḋ, agus a nofráil diġe, do réir a ngnáṫuiġe, mar ḋeaġḃolaḋ, íoḋbuirt ḋéanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.


Go maḋ haṁluiḋ ṁeasfus duine sinne, mar ṁinisdriḋ Ċríosd, agus mar ḟeaḋmantaċaiḃ rúindíaṁraḋ Dé.


A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an dream ṡaoṫruiġeas a dtimċeall na neiṫeann náoṁṫa go níṫid síad do neiṫiḃ an teampoill? agus an dream ḃíos do ġnáṫ ag friṫeólaḋ na haltóra go ḃfaġaid cuid ranna don naltóir?


An minisdrí do Ċríosd íad? (laḃruim mar ḋuine miċéilliḋe) atáim ós a gcrionn sa ċáil sin, níos líonṁuire a sáoṫruiḃ, a mbuilleaḋuiḃ níos ro ṁó, a bpríosúnuiḃ níos mionca, a ngúas ḃáis go minic.


Noċ fós do rinne minisdrí iomċuḃaiḋ ḋínn don tiomna núaḋ; ní don litir, aċd don sbioruid: óir marḃuiḋ an litir, aċd do ḃeir an sbiorad beaṫa.


Aċd do nímid sinn féin ionṁolta sa nuile ní mar ṁinisdriḃ Dé, ré foiġid ḟada, a mbuáiḋearṫuiḃ, a raiċdanus, a naṁgar.


Agus do ḃéura mé cúṁaċd dom ḋá fíaḋnuisiġe, agus béid síad ag faiḋeadóireaċd míle ḋá ċéud agus trí fiċid lá, ar na néuduġaḋ déuduiġiḃ róin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ