11 Bioḋ náire oruiḃsi, a ḟeara tiġe; núalluiġ, a luċt ḋeasuiġṫe na fíneaṁna, ar son na cruiṫneaċda agus ar son na héorna; do ḃríġ gur ṁeaṫ fóġṁar an ṁaċaire.
Annsa ló sin do ḃéara tú air do ṗlánnda fás, agus air maidin do ḃéara tú air do ṡíol eascar: aċt biáiḋ an foġṁar na ċrúaiċ a ló an doilġis agus an dóḃróin ḋiḃḟeirgiḋ.
Géarr amaċ an síoladóir ón Ḃabilóin, agus an té ġlacus an corrán a naimsir a nfoġṁair: deagla an ċloiḋiṁ ṁilltiġ fillfeaḋ gaċ uile ḋuine ċum a ḋaoine, agus teiṫfiḋ gaċ uile ḋuine dá ḋúṫaiġ féin.
¶ Cía hé an duine críonna, do ṫuigfioḋ so? agus re ar laḃair béul an TIĠEARNA, ċor go ḃfoillseoċaḋ é, cred ar son a milltear an tír agus a loiscṫear í aṁuil fásaċ, naċ ḃféadann neaċ gaḃáil ṫríd?
Uimesin an TIĠEARNA, Día na slóġ, is marso, a deir an Tiġearna; Biáiḋ caói annsna huile ṡráidiḃ; agus a déaruid annsna huile ṡliġṫiḃ móra, Mó ṫruáiġe! mo ṫruaiġe! agus goirfiḋ an fear oibre ċum cuṁa, agus an luċt ḃíos éolaċ a ccaóineaḋ ċum caóinte.