Gá fad ḃías an tír ag caói, agus luiḃ gaċ áonṁaġa ag críonaḋ, do ḃríġ uilc na druinge ċoṁnuiġeas ionnta? do caiṫeaḋ na beaṫuiġe, agus na héin; do ḃríġ go ndúḃradar, Ní ḟaicfiḋ sé ar ccríoċ ḋeiġionaċ.
Agus rugaḋ gáirdeaċus agus lúaṫġair ón maċaire ṫóirṫeaṁuil, agus ó ṫir Ṁóab; agus ṫug mé fa deara fíon dfailliuġaḋ ó na nomaruiḃ fíona: ní ṡailteoruiḋ duine ar biṫ maille re gáir; ni buḋ éanġáir a ngáir.
Uimesin caóiḋiḋ an dúṫaiġ, agus anḃfainfiġ gaċ uile ḋuine dá ccoṁnuiġionn inte, maille re beaṫaċaiḃ an ṁaġa, agus éanlaiṫ neiṁe; fós, béarṫar as mar an ccéadna uile éisc na fairge.
Do ṫiormaiġ a nfíneaṁuin súas, agus searguiḋ an crann fíge; an crann pomgranat, an crann pailme fós, agus a naḃall, eaḋon do ċríonadar, uile ċrainn an ṁaċaire: do ḃríġ gur ċríon gáirdeaċus ó ṁacaiḃ na ndaóine.
Fós, freagóruiḋ an TIĠEARNA agus déaruiḋ re na ṗobal, Féuċ, cuirfe mé arḃar, agus fíon, agus ola ċugaiḃ, agus beiṫí sáiṫeaċ leis: agus ní ḋéana mé masla ḋíḃ ní sa ṁó a measg na ngeinteaḋ:
¶ Má atá naċ bláṫann an crann fíge, agus naċ mó ḃías toraḋ annsa ḃfíneaṁuin; fáilleaċuiḋ sáoṫar crainn na holá, agus ni ṫiuḃruid na maċaireaḋa biaḋ ar bioṫ úaṫa; gearrfuiġear an tréud amaċ ón máinriġ, agus ní ḃiáid ealḃa ar bioṫ annsua stallaḋuiḃ:
Agus do ġoir misi air ṫiormaċ air an ttalaṁ, agus air na sléiḃtiḃ, agus air a narḃar, agus air an ḃfíon núaḋ, agus air a nola, agus air an nísin noċ do ḃeir an talaṁ amaċ, agus air ḋaóiniḃ, agus air airnéis, agus air uile ṡáoṫar na láṁ.