5 ¶ Ann sin do ċuir Dáiḃi ríġ fios air, agus ṫug leis é as tiġ Ṁaċir mac Ammiel, ó Lo‐debar.
Agus do ċonnairc Ióseṗ clann Eṗraim don treas geínealaċ; clann Maċir mar an ccéadna mac Ṁanasseh. Do tógḃaḋ súas iad ar ġlúiniḃ Ióseṗ.
Agus a duḃairt an ríġ ris, Cáit a ḃfuil sé? Agus a duḃairt Síba ris an ríġ, Feaċ átá sé a ttiġ Ṁaċir, ṁic Ammiel, a Lo‐debar.
Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!