Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 9:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a dnḃairt an ríġ ris, An mairionn éanduine fós do ṫiġ Ṡauil, go ḃfoillsiġiḋ mé muinntearḋus Dé ḋó? Agus a duḃáirt Síba ris an ríġ, Atá mac fós ag Ionatan, noċ atá bacaċ iona ċosuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 9:3
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟreagair seision, A ṫiġearna, a ríġ, do ṁeall mo ṡerḃiseaċ mé: óir a duḃairt do ṡerḃíseaċ, Cuirfead díalláoid ar assal daṁ, go ndeaċad ar a ṁuin, agus raċaiḋ mé gus an ríġ; do ċionn go ḃfuil do ṡerḃíseaċ bacaċ.


Agus do scannluiḋ sé do ṡerḃíseaċ rem ṫiġearna an ríġ; aċd atá mo ṫiġearna an ríġ aṁuil aingeal o Ḋía: déana ar a naḋḃarsin an ní is féarr do ċítear ḋuit.


Agus do ḃí mac ag Ionatan, ṁac Sauil, do ḃí bacaċ ann a ċosuiḃ. Agus do ḃí a ccionn a ċúig mblíaḋan a nuáir ṫáinic sgéula ó Ṡaul agus ó Ionatan as Iesreel, agus do ṫóg a ḃanaltra lé é, agus do teiṫ si leis: agus tárla, mar do ḃí sí ag déanaṁ deiṫnios re teiṫeaṁ, gur ṫuit sé, agus go ndéarnaḋ bacaċ é. Agus sé dob ainm ḋó Meṗibóset.


Marsin do ċoṁnuiġ Meṗibóset a Nierusalem: óir do iṫeaḋ se a gcoṁnuiḋe ar ḃórd an ríġ; agus do ḃí sé bacaċ iona ċosuiḃ.


¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ná bíoḋ egla ort: óir go deṁin taisbeanfuiḋ misi cinéul duit ar son haṫar Ionatan, agus aiséoca mé ḋuit dúiṫċe Ṡauil haṫar uile; agus íosa tú arán ar mo ḃórdsa a ccoṁnuiġ.


Ar a naḋḃarsin bíṫísi trócaireaċ, mar atá ḃur Naṫuir trocuireaċ.


Aṁáin do ḃí dúil ag an TTIĠEARNA ion ḃur naiṫriḃsi dá ngráḋuġaḋ, agus do ṫóg sé a slioċd na ndíaiġ, eaḋon siḃsi os cionn gaċ uile ṗobail, fá mar atá a niuġ.


Agus do ḃríġ gur ġráḋuiġ sé haiṫre, uime sin do ṫoġ sé a síol na ndiáiġ, agus ṫug se ṫusa amaċ a laṫair lé na ċuṁaċduiḃ neartṁara as an Négipt;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ