2 Agus do ḃí do ṫiġ Ṡauil searḃḟoġantuiġ dar ḃainm Síba. Agus a núair do ġoireadar é ċum Dáiḃi, a duḃairt an ríġ ris, An tusa Síba? Agus a dúḃairt Síba, Is mé do ṡearḃḟoġantuiġ.
Agus do ḟág sé a raiḃ aige a láiṁ Ioseṗ; agus níor ḃfios dó éinní dá raiḃ aige féin, aċd aṁáín an tarán do iṫeaḋ sé. Agus do ḃí Ioseṗ, deaġṁaiseaċ, agus sgíaṁaċ.
Agus do ḃí míle fear do Ḃeníamin na ḟoċair, agus Síba óglaċ tiġé Ṡauil, agus a ċúig mic déug agus fiṫċe serḃíseaċ na ḟoċair; agus do ċúadar tar Iordan roiṁe an ríġ.
Agus do ċúaiḋ bád do ṫaḃairt ṁuinntire an ríġ ṫairis, agus do ḋéanaṁ mar buḋ toil leis. Agus do ṫuit Símei ṁac Géra siós a ḃfíaḋnuise an ríġ, ag teaċd a nall dó ṫar Iordan.