¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ná bíoḋ egla ort: óir go deṁin taisbeanfuiḋ misi cinéul duit ar son haṫar Ionatan, agus aiséoca mé ḋuit dúiṫċe Ṡauil haṫar uile; agus íosa tú arán ar mo ḃórdsa a ccoṁnuiġ.
Aċt foillsiġ muinntearḋus do ṁacaiḃ Barsiliai an Gileaditeaċ, agus bídis don droing iósas ar do ḃórd: óir is marsin ṫangadar ċugamsa a nuáir do ṫeiṫ mé roiṁe Absolon do ḋearḃraṫair.
Ná tréig, do ċara féin, agus cara haṫar; agus ná héiriġ go tiġ do ḋearḃráṫar a ló do ríaċdanuis: óir ís féarr cara a ccoṁḟogus ná dearḃraṫair a nimċían.
Agus gioḋ bé ḃéuras cupán duisge ḟúar aṁáin ré na ól do áon do na daóiniḃ beagasa a nainin desgiobuil, a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Naċ ċaillfiḋ sé a lúaiḋeaċd.
Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.
Oír giḋ bé neaċ do ḃéura cupán uisge ré na ól dáoiḃsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd siḃ, a deirim riḃ go fírinneaċ, naċ léigfi sé a lúaiḋeaċd a muġa.
Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.