7 Agus do ṫog Dáiḃi na scíaṫa óir do ḃí ar ṁuinntir Hadadeser, agus ṫug leis go Hierusalem íad.
Annsin do ċuir Dáiḃi gairiosún a Síria Ḋamascus: agus do ḃádar na Sírianuiġ na serḃíseaċaiḃ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo. Agus do ċoiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall ad téiġeaḋ.
Agus ṫug Dáiḃi ríġ, ó Ḃetah, agus ó Ḃerotai, caiṫreaċa Hadadeser, ro iomad práis.
Agus ṫug an sagart do ċaiptíniḃ na ccéud gáeṫe agus sgíaṫa an ríġ Dáiḃi, noċ do ḃí a tteampall an TIĠEARNA.
Agus do ṫóg Dáiḃi na scíaṫá óir do ḃi air ṡearḃḟoġantuiḃ Hadareser, agus ṫug go Hierusalem íad.