Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 8:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Annsin do ċuir Dáiḃi gairiosún a Síria Ḋamascus: agus do ḃádar na Sírianuiġ na serḃíseaċaiḃ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo. Agus do ċoiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall ad téiġeaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 8:6
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ċoncadar na ríġṫe uile do ḃí na serḃiseaċaiḃ ag Hadareser, gur buaileaḋ íad féin roiṁe Israel, do rinneadar síoṫċaín ré Hisrael, agus do rinneadar serḃis dóiḃ. Mar sin dob eaguil leis na Sírianaċaiḃ congnaṁ ar biṫ do ṫaḃairt nios mó do ċloinn Ammon.


Agus do ḃí Dáiḃi ann sin a ndaingion, agus do ḃí gairiosún na Ḃṗilistineaċ an tan sin a Mbet‐lehem.


Anois ċeana déanuiḋ é: óir do laḃair an TIĠEARNA, a ttáoḃ Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Le láiṁ mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi ṫárṫoċus misi mo ṗobal Israel as láiṁ na Ḃṗilistíneaċ, agus as láiṁ a náṁad uile.


Agus do ċuáiḋ Dáiḃi ar a aġaiḋ, agus dfás sé go mor, agus do ḃí an TIĠEARNA Día na sloġ ris.


Agus do ḃí mé maille leaċd ann gaċ uile ḃall ar ġaḃ tú, agus do ġearr mé amaċ do naiṁde uile as do raḋarc, agus do rinne mé ainm mór ḋíot, cosṁuil re hainm na ndaóine móra atá ar an ttaluṁ.


¶ Agus do ċuir sé gairiosún ann Edom; ar feaḋ Edom uile do ċuir sé gairiosun, agus do ḃádar muinntir Edom na serḃíseaċaiḃ ag Daiḃi. Agus do coiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall a ngaḃaḋ.


Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.


Agus do ṫog Dáiḃi na scíaṫa óir do ḃí ar ṁuinntir Hadadeser, agus ṫug leis go Hierusalem íad.


Agus do ríaġluiḋ Solaṁ ós cionn a nuile rioġaċd ó naḃuinn go críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte: do ḃeirdís tioḋluicṫe leó, agus do rinneadar seirḃís do Ṡolaṁ ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.


Ansin do ċuáiḋ Móab a gcogaḋ a naġaiḋ Israel tar éis ḃáis Ahab.


¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁniḃ Ieroboam, agus a ndéarna sé uile, agus a neart, mar do rinne sé cogaḋ, agus mar do ḃean sé Damascus amaċ, agus Hamat Iúdah, do Israel, naċ ḃfuilid scrioḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel?


Agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris, agus do ċuáiḋ sé ar a aġaiḋ gaċ uile ḃall a ttíaġ amaċ: agus do ċaṫuiġ se a naġaiḋ ríġ na hassíria, agus níor ḟoġuin sé dó.


¶ Agus do ḃí Mesa ríġ Moab na ṁaiġistir cáoraċ, agus do ḃeireaḋ do ríġ Israel céud míle úan, agus céud mile reiṫe, gun a noluinn.


¶ Agus do ċuir sé Garisún an Edom; agus do ġéilliodar na Hedomitiġ uile na serḃíseaċaiḃ do Ḋáiḃi. Marso do ċoṁead an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall ar ġaḃ sé.


Agus do ċuir sé neart daoine a ccaiṫreaċaiḃ daingne Iúdah uile, agus do ċuir sé díonlungṗort a ḃfearann Iúdah, agus a ccaiṫreaċaiḃ Eṗraim, noċ do ġaḃ Asa a aṫair.


A ṪIĠEARNA a Ḋé, neart mo ṡlánuiġṫe, dḟoluiġ tú mo ċeann a ló an ċaṫa.


Naċ déana tusa, a Ḋé, noċ do ċuir ḋíot sinn? agus nar ḃáill leaċd dul amaċ, a Ḋé, ré ar sluáiġṫe?


Ullṁuiġṫear an teaċ a gcoinne laé an ċaṫa: aċt is ón TTIĠEARNA atá tárṫail.


¶ Agus do ḃuáil Ionatan dáingionn na Ḃṗilistineaċ do ḃí a Ngeba, agus do ċuáladar na Ṗilistiniġ sin. Agus do ṡeíd Saul an stoc ar feaḋ na críċ uile, ġa ráḋ, Cluinnedís na Heaḃraiḋe.


Anois tárla lá áiriġ, go nduḃairt Ionatan ṁac Sauil ris a nógánaċ do iomċair a airm, Eíriġ, agus déanam anonn go garda na Ḃṗilistineaċ, atá ar an ttáoiḃ ṫall. Aċd níor innis sé sin da aṫair.


¶ Agus do ḃí coiṁċriṫ annsa tsluaiġ, annsa maċaire, agus ar fud na ndaóine uile: an gárda, agus na creaċadóiriġ, do ḃí criṫeagla orrasan mar an gcéadna, agus do ċrioṫnuiġ an taluṁ: ionnus go raiḃ na ċrioṫnuġaḋ ro ṁór.


Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ