4 Agus do ḃean Dáiḃi míle carbad ḋe, agus seaċd ccéad marcaċ, agus fiṫċe míle coisiġ: agus do ġearr Dáiḃi speirreaċa eaċ na cearbad uile, aċd do ṡaḃáil sé díol ċéud carbad dioḃ.
O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir na bí a naontuiġ ré na gcruinniuġaḋ; óir do ṁarḃadur duine ann a ḃfeirg, agus ann a nantoil féin do ṫoċladur síos balla.
¶ Agus do ċruinniġ Solaṁ a gceann a ċeile carbuid agus marcslúaġ: agus do ḃí aige míle agus ceiṫre ċéud carbad, agus ḋá ṁile ḋéug marcaċ, noċ do ċuir sé annsna caiṫreaċaiḃ ċum na ccarbad, agus ag an ríġ ann Ierusalem.
Agus rug Dáiḃi míle carbad úaḋ, agus seaċd mile marcaċ, agus fiṫċe míle coisiġ: do ġéarr Dáiḃi fós spiorṫeaċ eaċ na ccarbad uile, aċd do ċáoṁuin sé céad carbad díoḃ.
Aċ ní ċruinneoċuiḋ sé iomad eaċ ḋó féin, ní mó ḃéarus sé fa deara ar an bpobal filleaḋ don Négipt, ċorgo méideoċaḋ sé eiċ ḋó féin: do ḃríġ go nduḃairt an TIĠEARNA riḃ, Ní ḟillfiḋe ó so amaċ san tsliġe ċéadna.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná bíoḋ eagla ort ar a son súd: óir seaċóduiġ misi a máraċ timċioll na huáiresi íad marḃ uile as coinne Israel: géarrfuiḋ tú a nioscada dá neaċuiḃ, agus loiscfiḋ tú a ccarbuid re teiniḋ.