Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 8:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 8:2
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫug sé amaċ na daóíne do ḃí san ccaṫruiġ sin, agus do ċuir sé íad fá ṫuiriosguiḃ, agus fa ḃracaḋuiḃ íaruinn, agus fa ṫúaġuiḃ íaruinn, agus ṫug orra dul a sórn áiṫċe na mbríceaḋ: agus mar so do rinne sé ré caiṫreaċaíḃ ċloinne Ammon uile. Mar sin dfill Dáiḃi agus an pobal uile go Hierusalem.


Annsin do ċuir Dáiḃi gairiosún a Síria Ḋamascus: agus do ḃádar na Sírianuiġ na serḃíseaċaiḃ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo. Agus do ċoiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall ad téiġeaḋ.


Agus do ríaġluiḋ Solaṁ ós cionn a nuile rioġaċd ó naḃuinn go críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte: do ḃeirdís tioḋluicṫe leó, agus do rinneadar seirḃís do Ṡolaṁ ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.


Ansin do ċuáiḋ Móab a gcogaḋ a naġaiḋ Israel tar éis ḃáis Ahab.


¶ Ṫáinic Salmaneser ríġ na Hassíria suás na aġaiḋ; agus do uṁluiḋ Hoseá na ṡerḃíseaċ ḋó, agus ṫug tioḋlaice ḋó.


Agus do ḃúail sé Móab; agus do ġéilliodar na Móabitiġ mar ṡerḃisiġ dó Ḋáḃi, ag taḃairt tioḋlaice leó.


Agus ṫugadar na Hammonitiġ tioḋluice do Ussiah: agus do leaṫnuiġ a ainm amaċ go nuige dul a steaċ na Hégipte; óir do neartuiġ sé é féin go hanṁór.


Moab mo ṗota ionnlaiṫ; teilgfiod mo ḃróg tar Edom; agus do ḋéanad caiṫréim ós cionn Ṗalestina.


Tuitfid na coigcríġ, agus biáiḋ eagla orra as a nionaduiḃ daingne.


Naċ déana tusa, a Ḋé, noċ do ċuir ḋíot sinn? agus nar ḃáill leaċd dul amaċ, a Ḋé, ré ar sluáiġṫe?


Moab mo ṗota ionnluiṫ; teilgfiod mo ḃróg tar Edom: a Ṗalestina, déan caiṫréim ós mo ċionn.


Páilliún Edom, agus na Hismaelítiġ; Móab, agus na Hagaréniġ;


Ná héistiġ re Heseciah: oir is marso a deir ríġ na Hassíria, Déanaiḋ réiteaċ riomsa maille re cúṁa, agus tigiḋ amaċ ċugam: agus iṫeaḋ gaċ aon aguiḃ dá ḟíneaṁuin, agus gaċ aon da ċrann fíge, agus iḃiḋsi gaċ áon aguiḃ uisge a ṫiubraide féin;


Do ċífead é, aċd ní annois: aṁaircfe mé é, aċd ní a ḃfogus: tiucfuiḋ Réalt amaċ as Iácob, agus éireoċuid Siat Ríoġa as Israel, agus buailfiḋ tré ċoinnhiḋiḃ Moab, agus scriosfuiḋ sé clann Ṡet.


Aċt a duḃradar clann Ḃélial, Cíondus ċuíṁdeoċus an fearso sinn? Agus do ċuireadar a neiṁní é, agus ní ṫugadar tioḋlacaḋ ar biṫ ċuige. Aċd do ḃí seision na ṫoċd.


¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad.


¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi as sin go Mispeh Móab: agus a dúḃairt sé ré riġ Ṁóab, Guiḋim ṫú, tigeaḋ maṫair agus mo ṁaṫair amaċ, agus bidís ad ḟoċairsi, nó go raiḃ a ḟios agum cred ḋéana Día ar mo ṡon.


Agus ṫug sé a laṫair ríġ Ṁóab íad: agus do ċoṁnuiġeadar na ḟoċair an feaḋ do ḃí Daiḃi san núaṁaiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ