¶ Agus féaċ do ḃí Sádoc fós, agus na Leḃítiġ uile na ḟoċair, ag iomċar airce ċunarṫa Dé: agus do léigeadar airc Dé ar lár; agus do ċuáiḋ Abiatar súas, nó go ttáinic lé cáċ uile dul amaċ as an gcaṫruiġ.
¶ Ann sin a duḃaírt Ċusai ré Sadoc agus re Abiatar na sagairt, Marso agus marso do ċoṁarliġ Aċitoṗel Absolon agus sinnsir Israel; agus marso agus marso do ċoṁairliġ misi é.
Agus is aṁluiḋ ḃí, an tan do ċonncadar go raiḃ mórán airgid annsa ċófra, go ttáinic scriḃneóir an ríġ agus an tárdṡagart súas, agus do ċuireadar a málaḋa, agus do coṁáireadar an tairgiod do friṫ a ttiġ an TIĠEARNA.
Agus a nuáir do ġoireadar ċum an ríġ, ṫánic Eliacim mac Hilcíah amaċ ċuca, noċ do ḃí ós cionn an teaġluiġ, agus Sebna an scriḃnéoir, agus Ioah mac Asaṗ an cuiṁniġṫeoir.
Do íoḋbairt ofrála loisge don TIĠEARNA air altóir na hofrála loisge a ccoṁnuiḋ maidin agus tráṫnóna, agus do ḋéanaṁ gaċ neiṫe dá ḃfuil scríoḃṫa a ndliġeaḋ an TIĠEARNA, noċ do aiṫin sé Disrael;
Annsin do léiġ Baruċ annsa leaḃar bríaṫra Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA, a seomra Ġemariah ṁíc Saṗan an scriḃneóir, annsa ċúirt dob áirde, ag dul a steaċ an ġeata nuáiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, a cclúasaiḃ an ṗobail uile.
¶ Aċt tiucfuid na sagairt na Leḃítiḃ, mic Ṡadoc, noċ do ċoiṁéad cúram mo ṡanctóra an tan do ċuádar clann Israel ar seaċrán uaim, am ġar do ṁiniostralaċd daṁ, agus seasfuid am ḟiaḋnuise dofráil an ṁéuṫuis agus na fola ḋaṁ, a deir an Tiġearna DIA:
Cionnas do ċúaiḋ se a sdeaċ a dtiġ Dé an tan do ḃí Abiaṫar na árdṡagart, agus do iṫ sé arán na fíaḋnuisi, naċ ar ċeaduiġeaċ diṫe aċd do na sagartuiḃ, agus fós tug sé é don dréim do ḃí maille ris?