Agus do ċuir Dáiḃi amaċ trían na ndáoine fáoi laíṁ Ióab, agus trían faoi láiṁ Abisai mac Seruiah, dearḃráṫair Ióab, agus trían fáoi láiṁ Ittai an Gitíteaċ. Agus a duḃairt an ríġ ris an bpobal, Raċa misi fós liḃ amaċ go deiṁin.
Agus abruiḋ ré Amasa, naċ dom ċnáiṁ, agus dom ḟeóilse ṫusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raiḃ tusa ad ċaiptín an tslóiġ agamsa ċoiḋċe a náit Ióab.
Agus do ċúaiḋ Ióab ṁac Seruiah, agus searḃḟoġantuiġiḋ Ḋáiḃi amaċ, agus tárla ḋá ċeile íad ag loċan Ġibeon: agus do ṡuiġeadar síos, drong aca a ttáoḃ don loċán, agus drong don taóiḃ oile don loċán.
Agus a nuáir do ġoireadar ċum an ríġ, ṫánic Eliacim mac Hilcíah amaċ ċuca, noċ do ḃí ós cionn an teaġluiġ, agus Sebna an scriḃnéoir, agus Ioah mac Asaṗ an cuiṁniġṫeoir.
Annsin ṫáinic Eliacim mac Hilciah, noċ do ḃí os cionn an teaġluiġ, agus Sebna an scriḃneóir, agus Ioah mac Asaṗ an cuiṁniġeóir, go Heseciah gun a néadaċ briste, agus do innseadar ḋó briaṫra Rabsaceh.
Agus a duḃairt Dáiḃi, Giḋ bé ḃúailfios na Iebusitiġ ar ttús sé ḃus ceann agus captin. Mar sin do ċuáiḋ Ióab ṁac Seruiah súas ar tús, agus do ḃi sé na úaċdarán.