¶ Agus do ċuir Abner teaċda ċum Dáiḃi ḋá ṫáoiḃ féin, ga ráḋ. Cia ler leis an dúiṫċe? ga ráḋ fós, Déana ceangal riomsa, agus, féaċ, biáiḋ mo laṁ leaċd, do ṫaḃairt Israel uile timċíoll ċugad.
Do ḃí ná ríġ ann Hébron ós cionn Iúdah seaċd mbliaḋna agus sé ṁí: agus do ḃí na ríġ ann Ierusalem tríoċad agus trí ḃlíaḋna ós cionn Israel uile agus Iúdah.
¶ Agus do ċuir sé gairiosún ann Edom; ar feaḋ Edom uile do ċuir sé gairiosun, agus do ḃádar muinntir Edom na serḃíseaċaiḃ ag Daiḃi. Agus do coiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall a ngaḃaḋ.
Go maḋ beannuiġ do ṪIĠEARNA Día, fuáir dúil ionnad, dot ṡuiġiuġaḋ a ccaṫaóir ríoġa Israel: do ḃríġ gur ġráḋuiġ an TIĠEARNA Israel go bráṫ, as uime sin do rinne sé ríġ ḋiotsa, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis agus ceirt.
Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.
Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.
¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad.