Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ṫeiṫeadar na Sírianuiġ, ansin do ṫeiṫeadarsan mar an gcéadna roiṁe Abisai, agus do ċúadar a steaċ san ċaṫruiġ. Mar sin dfill Ióab ó ċloinn Ammon, agus ṫáinic sé go Hierusalem.
Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.
Do ċoisrig Dáiḃi ríġ íad sin mar an ccéadna don TIĠEARNA, maille ris a nór agus ris a nairgiod ṫug sé as na críoċaiḃsa uile; ó Edom, agus ó Ṁóab, agus ó ċloinn Ammon, agus ó na Ṗilistiniḃ, agus Amalec.
¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir súas, agus do ṫiomáineadar air na Gesurítiḃ, agus na Gersítiḃ, agus na Hamalecitiḃ: óir dob íad sin san tseanaimsir áitreaḃaiġ na tíre, mar ṫéid tú go Súr, air fad go críċ na Hégipte.
Agus dó ḃuáil Dáiḃi íad ó éirġe an láoi go ttáinig tráṫnóna ár na ṁáraċ: agus mor imṫiġ duine ḋioḃ, aċd ceiṫre ċéad ogánaċ, do ċúaiḋ ar ċáṁalluiḃ, agus do ṫeiṫ.