Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 7:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a duḃairt Nátan ris an ríġ, Eiriġ, déana a nuile ní atá fad inntinn; óir atá an TIĠEARNA maille leaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 7:3
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus tárla a noiḋċe sin, go ttáinic bríaṫár an TIĠEARNA go Nátan, ḋa ráḋ.


Aċ Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus Nátan an fáiḋ, agus Simei, agus Rei, agus dáoine cuṁaċdaċa do ḃean re Dáiḃi, ni raḃadar a ḃfoċair Adoniiah


Agus a nuáir ṫáinic sí go hóglaċ Dé gus an ccnoc, rug sí ar ċosuiḃ air: aċt ṫáinic Gehasi a ngar dá ccur úaḋ. Agus a duḃairt óglaċ Dé, Léig ḋi; óir atá a hanum ar na ċráḋ innte: agus do ċeil an TIĠEARNA orumsa é, agus níor innis sé ḋaṁ é.


Agus a duḃairt Dáiḃi ré Solaṁ, A ṁic, ar son mo ċoda féin, do ḃi ann mintinn tiġ do ḋéanaṁ dainm mo ṪIĠEARNA Dé:


Ann sin do ṡeas Dáiḃi ríġ súas air a ċosaiḃ, agus a duḃairt, Eistiġ riom, a ḋearḃráiṫre, agus mo ṗobal: air mo ṡon féin, do ḃí ann mo ċroiḋe tiġ coṁnuiġ do ḋéanaṁ dáirc ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus do ċostól ar Ndé, agus do ġléas mé a ccoinne na hoibre:


Anois gníoṁa Ḋáiḃi ríġ, ó ṫús go deireaḋ, féaċ, a táid scríoḃṫa a leaḃar Ṡamuel an feuċadóir, agus a leaḃar Nátan an fáiġ, agus a leaḃar Ġad an feuċadóir,


Agus do ċuir sé na Leḃítiġ a ttiġ an TIĠEARNA maille re cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus lé cláirseaċaiḃ, do reír aiṫne Ḋáiḃi, agus Ġad féuċadóir an ríġ, agus Nátain an faíġ: óir is marsin do ḃí aiṫne an TIĠEARNA tre ná ḟáiġiḃ.


Go ttuga ḋuit do réir do ċroiḋe, agus go ccoiṁlíonuiḋ huile ċoṁairle.


Agus bíoḋ do ḋúil fós annsa TIĠEARNA; agus do ḃéura sé ḋuit íarratas do ċroiḋe.


Aċd atá an tungaḋ do ġlacaḃair úaḋsan na ċoṁnuiġe ionnuiḃ, agus ní ḃfuil na riaċdanus oruiḃ neaċ ar biṫ ḃur múnaḋ: aċd mar ṁuineas an tungaḋ sin siḃ a dtáoḃ na nuile neiṫeann, agus as fírinneaċ é, agus ní ḃfuil bréug ann, agus do réir mar do ṁúin sé siḃ, do ḋéunuiḋ siḃ coṁnuiġ annsan.


Agus go maḋ haṁluiġ ḃías, a nuáir ṫíucfaid na coṁarṫuiġesi ort, go ndéana tú do reír mar ḃías ocáid agad; oír atá Día maille riot.


Agus a duḃairt fear iomċair a airm ris, Déana gaċ ní dá ḃfuil ad inntinn: iompoiġ ṫú féin; feúċ, atáimsi leaċd do réir do ṫola.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Ná féaċ ar a ġnúis, no ar áirde a ṗearsann; do ċionn gur ḋíult misi é: óir ní ḟaiceann an TIĠEARNA mar do ċí duine; óir do ċí an duine an ní ḃías a ḃfiaġnuise a ṡúl, aċd do ċí an TIĠEARNA an croiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ