Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?
Ar a núairsion do ġaḃ gáirdeaċas iona spioraid Iósa, agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas duit a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, trí gur ḟoluiġ tú na neiṫesi ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus glioca, agus gur noċd tú iad do naoiḋeanánuiḃ: a seaḋ, a Aṫair; tré gur ab mar sin do buḋ toil leaċd féin é.
Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.