Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 7:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Go nduḃairt an ríġ ré Nátan an faíḋ, féaċ anois, Aitreaḃuimsi a ttiġ Cedair, aċd atá airc an TIĠEARNA na coṁnuiḋe táoḃ a stiġ do ċúirtíniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 7:2
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Uriah re Dáiḃi, Atá a náirc, agus Israel, agus Iúdah, a bpáilliúnuiḃ; agus atá mo ṫiġearna Ióab, agus serḃísiġ mo ṫiġearna, a ccampa ann sna maċairiḃ réiḋe; an raċa misi maseaḋ dom ṫiġféin, diṫe agus dol, agus do luiġe lem ṁnáoi? mar ṁairios tusa, agus mar is beó hanum, ní ḋéana misi an ní sin.


Agus do ċuir an TIĠEARNA Nátan ċum Dáiḃi. Agus ṫáinic sé ċuige, agus a dúḃairt ris, Do ḃádar dias fear a néanċaṫruiġ; fear aca saiḋḃir, agus an fear oile boċd.


¶ Agus do ċuir Hiram ríġ Tír teaċda ċum Dáiḃi, agus crainn Ċéadair agus saoir ċrainn agus ċloiċe: agus do rinneadar tiġ do Ḋáiḃi.


¶ Agus tugadar a steaċ aírc an TIĠEARNA, agus do ċuireadar na suiġe ann a haít féin í, a lár an tabernacuil noċ do ċuir Dáiḃi súas di: agus do íoḋbuir Dáiḃi ofráil loisge agus íoḋbarṫa síoṫċána a laṫair an TIĠEARNA.


Do réir na mbriaṫarso uile, agus do réir na fisesi uile, is mar sin do laḃair Nátan re Dáiḃi.


¶ Aċt, ċeana, an feaḋ do ḃí sí fós ag coṁráḋ ris an ríġ, ṫainic Nátan an fáiḋ a steaċ mar án gcéadna.


Aċ Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus Nátan an fáiḋ, agus Simei, agus Rei, agus dáoine cuṁaċdaċa do ḃean re Dáiḃi, ni raḃadar a ḃfoċair Adoniiah


Agus Asariah mac Nátán ós cionn na noifigeaċ: agus bá he Sabud mac Nátain prioṁ‐oifigeaċ, cara an ríġ:


Agus do ḃí sé a ccroiḋe Ḋáiḃi maṫair tiġ do ḋéanaṁ dainm an TIĠEARNA Día Israel.


Anois do ċuir Híram ríġ Tíor teaċda go Dáiḃi, agus aḋmad cédair, maille re sáoruiḃ cloiċe agus saoruiḃ croinn, do ċur tiġ suas dó.


Marsin ṫugadar leó aírc Dé, agus do ṡuiġeadar í a lar an lóistín do ċuir Dáiḃi na ṡeasaṁ ḋi: agus dofráladar ofráil loisge agus ofráil ṡióṫċána a ḃfiaḋnuisi Dé.


Agus a duḃairt Dáiḃi ré Solaṁ, A ṁic, ar son mo ċoda féin, do ḃi ann mintinn tiġ do ḋéanaṁ dainm mo ṪIĠEARNA Dé:


Anois gníoṁa Ḋáiḃi ríġ, ó ṫús go deireaḋ, féaċ, a táid scríoḃṫa a leaḃar Ṡamuel an feuċadóir, agus a leaḃar Nátan an fáiġ, agus a leaḃar Ġad an feuċadóir,


Aċt ṫug Dáiḃi airc Dé ó Ċiriatiarim súas gus a náit do ullṁaiġ Dáiḃi roimpe: óir do ċuir sé lóistín na ṡeasaṁ ḋi ann Ierusalem.


Agus do ċuir sé na Leḃítiġ a ttiġ an TIĠEARNA maille re cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus lé cláirseaċaiḃ, do reír aiṫne Ḋáiḃi, agus Ġad féuċadóir an ríġ, agus Nátain an faíġ: óir is marsin do ḃí aiṫne an TIĠEARNA tre ná ḟáiġiḃ.


¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ṡoluiṁ, ó ṫús go deireaḋ, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar Nátain an faíġ, agus a ḃfáiġeadóireaċd Ahiiah an Siloniteaċ, agus a ḃfisiḃ Iddo an féuċadóir a naġaiḋ Ieroboam ṁíc Nebat?


Noċ ṫug mionna don ṪIĠEARNA, ṫug a ṁóid dó Ḋía ċuṁaċtaċ Iácob;


Go ḃfaġar ionad don TIĠEARNA, ionad coṁnuiġe do Ḋía ċuṁaċdaċ Iácob.


Agus ṫug se an áirc ċum an tabernacuíl, agus do ċuir súas cuṁdaċ an ḟoluiġ, agus do ḟoluíġ áirc na fiaḋnuisi, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


An miṫid diḃ, ó siḃse, coṁnuiġe do ḋéanaṁ ann ḃur ttiġṫiḃ díona, agus an tiġse na luiḋe na ḟásaċ?


Agus do ċuiṁniġeadar a ḋeisciobailsean go raiḃ sgrioḃṫa, Duáiḋ éud do ṫiġesi súas mé.


Noċ fuair grása a ḃfíaḋnuise Dé, agus do ṡir tabernacel dfaġáil do Ḋía Iácob.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ