Ionnus go ndamgneoċaiḋ an TIĠEARNA a ḟocal, noċ do laḃair sé dom ṫáoḃsa, ga raḋ, Má ḃeirid do ċlann aire dá sliġe, ag siuḃal a ḃfírinne am laṫairse maille re na nuile croiḋe agus re na nuile annum, ní ṫeisdeoċa uáit (ar seision) duine a ccaṫaóir ríoġa Israel.
Ann sin daingneoċuiḋ mé caṫaóir do rioġaċta ar Israel go bráṫ, mar do ġeall mé dot aṫair Dáiḃi, ġa ráḋ, Ní ṫeisteoċuiġ duine uáit ar ċaṫaoir rioġaċda Israel.
Anois ar a naḋḃarsin, a ṪIĠEARNA Día Israel, coṁuill dot ṡearḃḟoġantuiġ maṫair Dáiḃi an ní do ġeall tú ḋó, ḋa ráḋ, Ní ḟailleoċuiḋ duine ṫú an mo raḋarcsa do ṡuiġe a ccaṫaoir ríoġa Israel; aċt aṁáin go ttugaid do ċlann aire dá sliġe do ṡiuḃal ann mo ḋliġeaḋsa, mar do ṡiuḃail tusa am laṫair.
Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.
Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.
Annsin raċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ na caiṫreaċso riġṫe agus prionnsniḋe ag suiḋe ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, ag marcuiġeaċd a ccarbadaiḃ agus ar eaċaiḃ, íad féin, agus a bprionnsaḋa, fir Iúdah, agus áitreaḃṫaċa Ierúsalem: agus fanfuiḋ an ċaṫairsi go bráṫ.
Agus áitreoḃuid annsa ḃfearann noċ ṫug mé do Iácob mo ṡeirḃíseaċ, mar ar ċoṁnuiġeadar ḃur naiṫre, agus áiteoċuid annsin, íad féin, agus a cclann, agus clann a ccloinne go bráṫ: agus buḋ é mo ṡeirḃíseaċ Dáiḃi a bprionnsa go bráṫ.
Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.
Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.
Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?
Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.
Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.