Biáiḋ misi am aṫair aige, agus biáiḋ seision na ṁac agamsa. Má ní sé éigceart, smaiċdeoċad e lé slait na ndaóine, agus le builliġiḃ ċloinne na ndaóine:
Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.
Oír ionann dul an neasurramaċd agus peacaḋ piseóguiġ, agus easuṁla ionnán agus éaigceart agus ioḋaláḋraḋ. Do ċionn gur ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, do ṫarcuisniġ seision ṫusa mar an gcéadna ó ḃeiṫ ad ríġ.
Agus a duḃairt Samuel re Saul, Ní ḟillfe misi leaċd: óir do ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, agus doṫarcuisniġ an TIĠEARNA ṫusa ó ḃeiṫ ad ríġ ar Israel.
Agus fós do ṫeilg a éadaċ ḋe, agus do ṫairġir a laṫair Ṡamuel ar an moḋ gcéadna, agus do luiġ siós noċd uiġ ar feaḋ an láesin agus ar feaḋ na hoiḋċe. Uime sin a deirid síad, An ḃfuíl Saul fós a measc na ḃfáiġeaḋ?