Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 7:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 ¶ Agus a nuáir ċríoċnoċar do láeṫesi, agus ċoidéolus tú a ḃfoċair haiṫreaḋ, cuirfe misi do ṡlioċd súas ad ḋiaiġ, noċ ṫiocfas amaċ as tínniġiḃ, agus daingneoċuiḋ mé a rioġaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 7:12
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, féuċ, táinig bríaṫar an TIĠEARNA ċúige, dá ráḋ, Ní hé so ḃus oiġre ort; aċd an té ṫiocfus amaċ as tinniḃ féin ḃus oíġre ort.


As tor slánuiġṫe eision dá ríġ: agus foillsiġ sé trócaire dá ungṫaċ, do Ḋáiḃí agus dá ṡíol go bráṫ.


Nó teigeoṁaiḋ a núair, ċuideolus mo ṫiġearna an ríġ a ḃfoċair a aiṫreaḋ, go measfuiġṫear misi agus mo ṁac Solaṁ ar naindliġṫeaċaiḃ.


Agus mar an gcéadna is marso a duḃairt an ríġ, Go maḋ beannuíġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ ṫug duine do ṡuiḋe ann mo ċaṫaóir ríoġa a niuġ, agus mo ṡúile féin da ḟaicsin.


Anois do ḋruideadar láeṫe Ḋáiḃi a ḃfogus ċor go ḃfuiġeáḋ sé bás; agus do ċuir cúram ar a ṁac Solaṁ, ḋa ráḋ,


¶ Mar sin do ċoduil Dáiḃi a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ é a gcaṫair Ḋáiḃi.


Ionnus go ndamgneoċaiḋ an TIĠEARNA a ḟocal, noċ do laḃair sé dom ṫáoḃsa, ga raḋ, Má ḃeirid do ċlann aire dá sliġe, ag siuḃal a ḃfírinne am laṫairse maille re na nuile croiḋe agus re na nuile annum, ní ṫeisdeoċa uáit (ar seision) duine a ccaṫaóir ríoġa Israel.


Agus, féuċ, is mían leam tiġ ċur súas dainm mo ṪIĠEARNA Dé, mar do laḃair an TIĠEARNA rem aṫair Dáiḃi ga ráḋ, Do ṁac, noċ ċuirfios mé ad ionad, ann do ċaṫaoir ríoġa, cuirfe sé tiġ súas dom ainmsi.


Agus a duḃairt seision, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ do laḃair dá ḃéul féin rem aṫair Dáiḃi, agus do ċoiṁlíon le na láiṁ é, ġa ráḋ,


Giḋeaḋ ní ḋéana tú an tiġ; aċd do ṁac noċ ṫiucfas as do leasraċ, do ḋéana sé tíġ dom ainmse.


Agus do ċoiṁlíon an TIĠEARNA an focall a duḃairt sé, agus déirġe misi súas a náit Ḋáiḃi maṫar, agus atáim am ṡuiḋe a ccaṫáoir ríoġa Israel, mar do ġeall an TIĠEARNA, agus do rinne mé tiġ dainm ṪIĠEARNA Dé Israel.


Ann sin daingneoċuiḋ mé caṫaóir do rioġaċta ar Israel go bráṫ, mar do ġeall mé dot aṫair Dáiḃi, ġa ráḋ, Ní ṫeisteoċuiġ duine uáit ar ċaṫaoir rioġaċda Israel.


Giḋeaḋ nior ḃáill leis an TTIĠEARNA Iúdah do scrios a nonoír ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi, mar do ġeáll sé go ttiuḃraḋ solus dó a ccoṁnuiġe, agus dá ċloinn.


¶ Agus tiucfaiḋ a ccríċ, a núair ċaiṫfiġṫear do laéṫesi go ccaiṫfiḋ tusa dul a ḃfoċair haiṫreaḋ, go ttóigfe misi do ṡlioċd súas ad ḋiaġ, noċ ḃias dot ṁacaiḃsi; agus daingneoċaiḋ mé a rioġaċd.


Anois, a ṪIĠEARNA Día, coiṁlíontar do ġeallaḋ dom aṫair Dáiḃi: óir do rinne tú riġ ḋíomsa air ṗobal coiṁlíonṁar re luáiṫreaḋ na talṁan.


Naċ ar ċóir ḋaóiḃsi a ḟios do ḃeiṫ aguiḃ go ttug an TIĠEARNA Día Israel an rioġaċd ós cionn Israel do Ḋáiḃi ċoiḋċe, eaḋon dó feín agus dá ṁacaiḃ re cunnraḋ saluinn?


Aċt ċeana niór ḃáill leis an TTIĠEARNA tiġ Ḋáiḃi do scrios, do ḃríġ an ċunnarṫa do rinne sé re Dáiḃi, agus mar do ġeall sé solus do ṫaḃairt dó agus dá ṁacaiḃ go bráṫ.


Agus do rinne an coṁċruinniuġaḋ uile cunnraḋ ris an ríġ a ttiġ Dé. Agus a duḃairt seision riú, Féuċ, biáiḋ mac an ríġ na ríġ, mar a duḃairt an TIĠEARNA a ttáoḃ ċloinne Dáiḃi.


Ṫusa noċ do ċoṁuill dom aṫair Dáiḃi do ṡearḃḟoġantuiġ an ní do ġeall tú ḋó; agus do laḃair tú red ḃéul, agus ċoiṁlíon led láiṁ é, mar atá a niuġ.


Giḋeaḋ ní tusa ḋéanas an tiġ; aċd do ṁac noċ ṫiucfas amaċ as tinníġiḃ, isé ḋéanas tiġ dom ainmsi.


Agus suiġeoċad a ṡíol go bráṫ, agus a ċaṫaoir ríoġa mar láeṫe ḟlaiṫeaṁnuis,


¶ Agus annsa ló sin biáiḋ fréuṁ Iesse, noċ ṡeasfas mar ḃratuiġ don ṗobal; is ċuige íarrfuid na geintiḋe; agus biáiḋ a suaiṁneas glórṁar.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Ní ḟailleoċuiḋ ó Ḋáiḃi ċoiḋċe duine ṡuiġfios ar ċaṫaóir ríoġa Israel;


Agus múisceoluiḋ mórán don druing ċodlas a lúaiṫreaḋ na talṁan, cuid ċum beaṫa síorruiḋe, agus cuid ċum náire agus tarcuisne síorruiḋe.


Leaḃar ġeinealuiġ Iósa Críosd, ṁic Ḋaiḃi, ṁic Abraham.


Bíaiḋ se mór, agus goirfiḋear Mac an té is Airde ḋe: agus do ḃéura an Tiġearna Día caiṫír Ḋáiḃí, aṫar féin ḋó.


Agus ar dtionnsgnaḋ ó Ṁáoisi agus ó na faiġiḃ uile, do eidirṁíniġ sé ḋoiḃ ann sna huile sgriopturaiḃ na neiṫer ḃi ḋá ṫáoḃ féin.


Oír go deiṁin, ar ndéunaṁ seirḃíse do Ḋáiḃi, ann a ġeinealaċ féin tré ċoṁairle Dé, do ċodail sé, agus do cuireaḋ a ḃfoċair a aiṫreaḋ é, agus do ċunnairc sé truáilléaḋ.


Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ na ḟáiḋ ḋó, agus a ḟios aige go dtug Día móid ḋó maille lé mionnuiḃ, go dtóigfeaḋ sé Críosd súas, do ṡíol a leasruiġsion, do réir na féola, agus go ccuirfeaḋ sé na ṡuíḋe ann a ċaṫáoirsean é;


Féuċ, as ní dorċa laḃruim riḃ, ní ċoidéolam uile, aċd cuirfiġṫear a naiṫearraċ croṫa sinn uile,


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, coideoluiḋ tú a ḃfoċair haiṫreaḋ; agus éireoċuiḋ an pobalsa, agus raċuid do stríapaċus a ndiáiġ dée gcoiṁiḋeaċ na tíre, a ḃfuilid síad ag dul na measc, agus tréigfid misi, agus ḃrisfid mo ċunraḋ noċ do rinne mé ríu.


Oír má ċréidmíd go ḃfuáir Iósa bás agus gur eidéirġe sé, as aṁluiḋ sin fós ḃéuras Día an drung ċodlus a Níosa ma ráon is.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ