Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 7:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus aṁuil ó núair fár órduiġ mé ḃreiṫeaṁuin do ḃeiṫ ós cionn mo ṗobail Israel, agus ṫug mé ḋuitse suáiṁnios ód naiṁdiḃ uile. Mar an gcéadna atá an TIĠEARNA dá innisin duit go ndéana sé tiġ ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 7:11
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a núair do ḃí an ríġ na ṡuiġe iona ṫiġ, agus go ttug an TIĠEARNA suáiṁnios dó óna naiṁdiḃ uile ar gaċ éantáoḃ;


Agus fós ba beag so ad raḋarcsa, a ṪIĠEARNA Día; aċ do laḃair tú mar an gcéadna ar ṫiġ do ṡearḃḟoġantuiġ go cian daimsir. Agus a né so dliġeaḋ an duine, a ṪIĠEARNA Día?


Oír ṫusa, a ṪIĠEARNA na slóġ, Día Israel, dfoillsiġ tú dot ṡearḃḟoġantuiġ, ġa ráḋ, Do ḋéana mé tiġ ḋuit: uime sin fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ, iona ċroiḋe a nurnaiġsi ḋéanaṁ ċugad.


Agus is aṁluiḋ ḃías, má éisteann tú ré gaċ uile ni dá naiṫeonuiḋ misi ḋiot, agus go siuḃoluiḋ tú ann mo ṡliġṫiḃ, agus go ndeanair an ní ḃíus ceart ann mo raḋarc, do ċoiṁéad mo reaċda agus maiṫeanta, mar do rinne Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ; go mbiáiḋ misi leatsa, agus go ndéana mé tiġ daingion duit, mar do rinne mé do Ḋáiḃi, agus do ḃéara mé Israel ḋuit.


Anois ar a naḋḃarsin, mar ṁairios an TIĠEARNA, noċ do ḋainguiḋ misi, agus do ċuir am ṡuiġe a gcaṫaoir Ḋáiḃi maṫar me, agus noċ do rinne tiġ ḋaṁ, mar do ġeall sé, cuirfiġṫear Adoniiah ċum báis a niuġ.


Agus ó a nam ar aiṫin misi breiṫeaṁuin do ḃeiṫ ós cionn mo ṗobail Israel.) Tuilleaṁ fós cláoiḋfe mé do naiṁdese uile. Os a ċionnsin innsim ḋuit go ccuirfe an TIĠEARNA tiġ súas duitsi.


Do ḋéana sé tiġ dom ainmsi; agus biáiḋ sé na ṁac agamsa, agus misi am aṫair aigesien, agus damgneaċuiḋ mé caṫaóir a rioġaċda ós cionn Israel go bráṫ.


A nuáir do ḃeir sé suáiṁnios úaḋ, cía ḟéadas annsin buaiḋreaḋ do ḋéanaṁ? a núair ḟolċus sé a aġaiḋ, annsin cía ḟéadas aṁarc air? más a naġaiḋ ciniḋ é, nó a naġaiḋ éanduine aṁáin:


Agus ḃrúiġeadar a naiṁde íad mar an gceadna, agus do ḃádar ar na núṁluġaḋ fáoi na láiṁ.


Muna ḃfoirgníġe an TIĠEARNA an tiġ, is díoṁaóin oibriġid an luċt ḟoirgniġios é: muna ccuṁduiġe an TIĠEARNA an ċaṫair, is go díoṁaóin do ní an fear coiṁéada faire.


Do ḃeir sé fa deara cogaḋ do ċosc go críċ na talṁan; brisiġ sé an boġa, agus gearruiḋ an gaṫ ó ċéile; loisgiḋ sé na carbuid annsa teine, ag ráḋ,


Agus tárla, do ċionn go raiḃ eagla Dé ar na mnáiḃ tuismiġe, go ndearna sé tiġṫe ḋóiḃ.


Cuiriḋ gaċ aóinḃean ċríonna a tiġ súas: aċt leagaiḋ a namaid síos é le na láṁaiḃ féin.


Noċ tré ċreideaṁ da ḃúaḋuiġ ríoġaċda, do oibriġ fíréuntaċd, do ġnoḋuiġ na geallaṁnaċa, do sdop beóil na leoṁan,


Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.


Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ