Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 6:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Ussah; agus do ḃúail Día ann sin e ar son a earraide; agus fúair sé bás ann sin láiṁ re háirc Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 6:7
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí Dáiḃi doirḃ, do ċionn go ndeáarna an TIĠEARNA briseaḋ ar Ussah: agus ṫug sé ainm ar an náitsin Peres‐Ussah gus an lá a niuġ.


Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Ussa, agus do ḃuáil sé é, do ċiónn a láiṁe do ċur ċum na háirce: agus fuáir sé bás ann sin a ḃfiaġnuise Dé.


Oír do ḃríġ naċ ndéarnaḃair é an ċéad uáir, do rinne an TIĠEARNA ar Ndia briseaḋ oruinn, do ċionn nar íarramar é mar buḋ ċoír.


Annsin a duḃairt Dáiḃi, Ní cóir déanduine airc Dé iomċar aċd do na Leḃítiḃ: óir is íad do ṫoġ an TIĠEARNA diomċar aírce Dé, agus do ḋéanaṁ miniostralaċd ḋó go bráṫ.


Agus a nuáir ġluaisfies an tabernacuil ar aġaíḋ, a siad na Leḃítiġ leacfas a núas é: agus a nuair ḃias an tabernacuil da ċur na ṡeasaṁ, is íad na Leḃítiġ ċuirfeas súas é: agus an coiṁiḋeaċ ṫiucfas na ċoṁġar cuirfiġear ċum báis é.


Agus a nuair ċríoċnoċus Aáron agus a ṁic folaċ na sanctóra, agus uile ṡoiṫiġe na sanctora, mar ḃias an campa ag gluasaċd ar aġaíḋ; tar éis sin, tiocfuid mic Ċohat dá iomċar: aċd ni ḃeanfuid re héinní beannuiġṫe, deagla a mbásuiġṫe. Ag so úalaċ ṁac Ċohat a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫé.


Agus tárla táoḃ a stiġ do ḋeiċ lá na ḋiáiġ sin, gur ḃuáil an TIĠEARNA Nábal, agus go ḃfuáir se bás.


¶ Agus do ṁarḃ sé muinntír Ḃetsemes, do ċionn gur ḟéaċadar a steaċ ann airc an TIĠEARNA, eaḋon do ṁarḃ sé dá muinntir caógad míle agus deiċneaṁar air trí fiṫċid: agus do ċáoineadar an pobal, do ċionn gur ḃúail an TIĠEARNA an pobal ré hár mór.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ