22 Agus biáiḋ mé fós nios tarcuisniġ ná mar so, agus níos uirísle ann mo raḋarc féin: agus ag na banóglaċuibsin air ar laḃair tusa, acasin fós biáiḋ mé a nonóir.
Ní fiú mé an ċuid as lúġa dot ṫrócaire, agus do nfírinne noċ do ṫaisbéin tú dod óglaċ: óir lem ḃata ṫáinig mé tar an iordáinse; agus a nois atáim ḋá ḃanna.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Miċal, Is do laṫair an TIĠEARNA, noċ do ṫoġ misi roiṁe haṫairsi, agus roiṁe a ṫiġ uile, dom órduġaḋ mar úaċdarán ós cionn ṗobail an TIĠEARNA, ós cionn Israel: uíme sin do ḋéana mé gáirdeaċus a laṫair an TIĠEARNA.
A ṪIĠEARNA, ní ḃfuil mo ċroiḋe árd, ní mó atáid mo ṡúile ar na ttógḃáil súas: agus níor ṡiuḃlas a naḋḃaraiḃ móra, agus a neiṫiḃ iongantaċa is áirde ná mé.
¶ Eístiġ riomsa, a luċd dar buḋ aiṫnid ionnracus, an pobal agá ḃfuil mo ḋliġeaḋ iona ccroiḋe; na heagluiġiḋ roiṁe ṁasla na ndaóine, agus ná bíoḋ eagla a ccáinteoireaċd oruiḃ.
As fírinneaċ an ráḋ, agus as fíu é ar gaċ éunċor gaḃáíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoġal ċum peacṫaċ do ṡlánuġaḋ; agá ḃfuilimse um ċeann orrṫa.
Ag féuċuinn ar Iósa ceannṗort agus fear críoċnuiġe an ċreidiṁ; noċ ar son an tsóláis do cuireaḋ as a ċoṁair do ḟúlaing céusaḋ na croiṫe, ag gcur na masla a neaṁṡuim, agus do ṡuiġ ar deis árdċaṫaóire Dé.
Má ṁasluiġṫear siḃ ar son anma Ċríosd, atáṫaói beannaiġe; óir do ní Sbiorad na glóire agus Dé coṁnuiġe orúiḃ: noċ do ġeiḃ masla ḋá dtáoḃsan, agus glóir dá ḃur dtáoḃsa.
Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.