Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 6:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus do roinn sé a measg an ṗobail uile, a measg ċoiṁlín iomláin Israel, do na mnáiḃ fós agus do na fearuiḃ, dá gaċ uile ḋuine bairġin aráin, agus spólla feóla, agus flaigín fíona. Na ḋiáiġ sin dimṫiġ an pobal uile gaċ áon dá ṫiġ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 6:19
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus coṁlúaṫ is ċríoċnuiġ Dáiḃi ofráil na híoḋbarṫa loisge agus na híoḋbarṫa síoṫċána, do ḃeannuiġ sé an pobal a nainm TIĠEARNA na slóġ.


¶ Annsin dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫeaġluiġ. Agus ṫáinic Miċal inġean Ṡauil amaċ a ccoinne Daḃi, agus a duḃairt sí, Cread é a ġlórṁuire do ḃí ríġ Israel a niúġ, noċ do noċd é féin a naṁarc ċailíneaḋ a ṡerḃíseaċ, mar noċdus áon do na dáoiniḃ díoṁaóin é féin go míonáireaċ!


Ar a noċdṁaḋ lá do ċuir sé an pobal ar siuḃal: agus do ḃeannuiġeadar an ríġ, agus do ċúadar da lóistíniḃ go súgaċ agus go lúaṫġáireaċ a ccroiḋe ar son gaċ uile ṁaiṫeasa dá ndéarna an TIĠEARNA ar son Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiġ, agus ar son a ṗobail Israel.


Agus do roinn sé air gaċ éanduine Disrael, idir ḟear agus ṁnáoi, do gaċ áon aca bairġin araín, agus spoḋla maiṫ feóla, agus flaigín fíona.


Agus do imṫiġ an pobal uile gaċ áon dá ṫiġ féin: agus dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫiġe féin.


Oír ṫug Heseciah ríġ Iúdah don ċoṁċruinniuġaḋ míle bulóg agus seaċd míle cáora; agus ṫug na prionnsaḋa don ċoṁċruinniuġaḋ míle bulóg agus deiċ míle cáora: agus do náoṁuiḋ úiḃir ṁór ṡagart íad féin.


Agus air an treas lá fiṫċiod don tseaċdṁaḋ mí doċuir sé an pobal úaḋ da ttiġṫiḃ, lúaṫġáireaċ súgaċ a ccroiḋe ar son na maiṫeasa do ṫaisbéin an TIĠEARNA do Ḋáiḃi, agus do Ṡolaṁ, agus dá ṗobal Israel.


Ann sinn a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ roṁuiḃ, iṫiḋ an méaṫus, agus iḃiḋ an ṁillsi, agus cuiriġ roinn ċum na druinge dá nar hullṁuiġeaḋ éinní: óir atá an láso náoṁṫa dar TTIĠEARNA: narab mó ḃías doilġios oruiḃ; óir isé gáirdeaċus an TIĠEARNA ḃur neart.


Connaiṁ mé ré flagúnaiḃ, coṁḟurtaiġ ré huḃalluiḃ mé: óir atáim tinn tré ġráḋ.


Agus buḋ é cuid an ṗrionnsa ofrála loisge, agus ofrála bíḋ, agus ofrála diġe, do ṫaḃairt úaṫa annsna féustuiḃ, agus annsna reéiḃ núaḋa, agus annsna sabbóidiḃ, ann uile ṡollamantaċd ṫiġe Israel: gléusfuiḋ seision a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ḃíḋ, agus a nofráil loisge, agus na hofrála sioṫċána, do ḋéanaṁ aṫċáirdis do ṫiġ Israel.


Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Imṫiġ fós, graḋuiġ bean (ġráḋaċ agá caruid, giḋeaḋ atá na haḋaltrannuiġ) do réir ġráḋa an TIĠEARNA do ċloinn Israel, noċ ḟéaċus do ḋéeiḃ oile, agus ġráḋuiġios flagúin ḟíona.


Do ḟoíllsiġ mé ḋíḃ ann sna huile neiṫiḃ, gur ab ag sáoṫruġaḋ mar so is cóir ḋáoiḃ cungnaṁ leis ná hanḃfannuiḃ, agus bríaṫra an Tiġearna Iósa do ċuiṁniuġaḋ, mar a duḃairt sé, Is mó as beannaiġe ní do ṫaḃuirt ná do ġlacaḋ.


Uime sin a deir sé, Ar ndul dó súas a náirde, go rug sé an ḃruid a mbráiġdeanas ris, agus tug sé tioġlaice do ḋáoiniḃ.


Mar sin do ḃeannuiġ Iosua íad, agus do ċuir ar siúḃal íad: agus do ċúadar ċum a loistíniġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ