Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 6:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do rinne Dáiḃi daṁsa as coinne an TIĠEARNA le na uile neart; agus do ḃí eṗod línéaduiġ gaḃṫaum Ḋáiḃi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 6:14
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Marsin ṫug Dáiḃi agus tiġ Israel uile aírc an TIĠEARNA súas maille re gárṫa, agus le fuáim an stuic.


¶ Annsin dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫeaġluiġ. Agus ṫáinic Miċal inġean Ṡauil amaċ a ccoinne Daḃi, agus a duḃairt sí, Cread é a ġlórṁuire do ḃí ríġ Israel a niúġ, noċ do noċd é féin a naṁarc ċailíneaḋ a ṡerḃíseaċ, mar noċdus áon do na dáoiniḃ díoṁaóin é féin go míonáireaċ!


Agus do ḃí Dáiḃi ar na éaduġaḋ le róba do línéadaċ ḟínealta, agus na Leḃitiġ uile do iomċuir an aírc, agus an luċd ceóil, agus Ċenaniah maiġistir an ċeóil maille ris a naós ceóil: agus do ḃí ar Ḋáiḃi mar an ccéadna eṗod línéaduiġ.


Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsiġ canaidis salm ḋósan.


Moluiḋ é leis an dtábuir mbig agus leis an bpíob: moluiḋ é lé aḋḃuiḋiḃ téud agus leis a norgán.


Diompóiġ tú mó ḋóḃrón a daṁsa ḋaṁ: do ċuiris díom mo ṡaicéadaċ, agus do ċoiṁċeangluis mé lé lúaṫġáir;


Na caintáiriġe air aon agus an luċd seanma: biaiḋ mó uile ṫoibreaċa ionnadsa.


Agus Míriam an ḃanḟáiġ, dearḃṡiúr Aáron, do ġlac sí tiompán na láiṁ; agus do ċúadar na mná uile amaċ na diáiġ maille re céol agus re daṁsa.


Agus do ḟreagair Míriam íad, Canuiḋ don TIĠEARNA, oír rug sé búaiḋ go glórṁar; an teaċ agus an marcaċ do ṫeilg sé san ḃfairge.


Agus beiṫi agum ḃar rioġaċd sagart, agus ḃar gcineaḋ naoṁṫa. A siad so ná bríaṫra laḃeorus tú re cloinn Israel.


Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.


Agus an prionnsa iona meaḋon, a nuáir raċuid siad a steaċ, raċuiḋ seision a steaċ; agus an tan raċuid síad amaċ, raċuiḋ seision amaċ.


Aċd do ḃí an mac búḋ seine aige air an maċaire amuiċ: agus ar dteaċd a ngar don tiġ ḋo, do ċúaluiḋ sé an céol agus na daṁsaiḋe.


Agus gráḋoċuiḋ tú an TIĠEARNA do Ḋía réd ċroiḋe uile, agus réd anam uile, agus réd ċuṁaċduiḃ uile.


Agus giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, déunuiḋ é ó ċroíḋe, aṁuil don Tíġearna, agus ní do ḋaóiniḃ;


¶ Agus ṫáinic Ieṗtah go Mispeh ḋá ṫiġ, agus, féuċ, ṫáinic a inġean amaċ do ṫeagṁáil air, maille re céol agus re daṁsaiġiḃ: agus dob isi a éairġein; ní raiḃ mac ná inġean aige aċd í.


Agus féaċuiḋ, agus, tugaiḋ aire, má ṫigid inġeana Ṡíloh amaċ do ḋéanaṁ ringṫe a ringṫaiḃ, annsin tigiḋsi amaċ as na fíneaṁnuiḃ, agus glacaḋ gaċ eánduine aguiḃ a ḃean féin dinġeanuiḃ Ṡíloh, agus éirgiḋe go tír Ḃeniamin.


¶ Aċt do ḃí Samuel ag miniostralaċd a laṫair an TIĠEARNA, na leanaṁ, ar na ċriosluġaḋ ann eṗod líneuduiġ.


Agus ar ṫoġ mé é as treaḃuiḃ Israel uile, do ḃeiṫ na ṡagart agum, díoḋbairt ar maltóir, do losgaḋ túise, diomċar eṗod am ḟiaḋnuisi? agus a ttug me do ṫiġ haṫar a nuile íoḋbairt do ḋéantaoi le teiniḋ ó ċloinn Israel?


Agus a duḃairt an ríġ re Doeg, Fillse, agus tiomáin ar na sagartaiḃ. Agus dfill Doeg an Tédomiteaċ, agus do ṫiomáin ar na sagartaiḃ, agus do ṁarḃ sé an lásin cúigear agus ceiṫre fiċṫid fear air a raiḃ eṗod linéaduiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ