Agus do ḃí an ríġ Solaṁ, agus coṁċruinniuġaḋ Israel uile, noċ do ċruinniġ ċuige, a ḃfoċair a ċéile a ḃfíaḋnuise na háirce, ag íoḋbuirt cáoraċ agus daṁ, nár ḟéidir innisin nó áirioṁ ar iomadaṁlaċt.
Annsin a duḃairt Dáiḃi, Ní cóir déanduine airc Dé iomċar aċd do na Leḃítiḃ: óir is íad do ṫoġ an TIĠEARNA diomċar aírce Dé, agus do ḋéanaṁ miniostralaċd ḋó go bráṫ.
Mar an ccéadna do rinne an ríġ Solaṁ, agus coṁċruinniuġaḋ Israel uile noċ do ċruinniġ ċuige as cuinne na háirce, íoḋbairt cáoraċ agus daṁ, nár bféidir innisin nó áirioṁ ar iomadaṁlaċd.
Agus a nuair ċríoċnoċus Aáron agus a ṁic folaċ na sanctóra, agus uile ṡoiṫiġe na sanctora, mar ḃias an campa ag gluasaċd ar aġaíḋ; tar éis sin, tiocfuid mic Ċohat dá iomċar: aċd ni ḃeanfuid re héinní beannuiġṫe, deagla a mbásuiġṫe. Ag so úalaċ ṁac Ċohat a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫé.
A rís, do ċuir sé ṡearḃḟoġantuiḋe eile ċuca, da ráḋ, Abruiġsi ris an ṁuinntir úd dár tugaḋ cuireaḋ, Féuċ, do ullṁuiġ mé mó ḋínnéir; á táid mo ḋaiṁ agus mainṁinntiġe bíaḋta ar na marḃaḋ, agus a tá gaċ uile ní ullaṁ: tigiḋ ċum na bainnse.
Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ.