¶ Ann sin a duḃairt an ríġ ré Ittai an Gititeaċ, Cred fa a ḃfuil tusa ag teaċd linne mar an gcéadna? fill dot áit féin, agus fan a ḃfoċair an ríġ: óir is coiṁiṫeaċ, agus is duine díobarṫa fós ṫú.
Agus do ċuir Dáiḃi amaċ trían na ndáoine fáoi laíṁ Ióab, agus trían faoi láiṁ Abisai mac Seruiah, dearḃráṫair Ióab, agus trían fáoi láiṁ Ittai an Gitíteaċ. Agus a duḃairt an ríġ ris an bpobal, Raċa misi fós liḃ amaċ go deiṁin.
Marsin do ċoṁnuiġ Dáiḃi annsa náit ḋaingin, agus do ġoir sé caṫair Ḋáiḃi ḋe. Agus do rinne Dáiḃi fairgneaṁ timċioll fá gcuairt ó Ṁillo agus a steaċ ṫairis.
Agus maille leó a ndearḃraiṫre don dara hórd, Saċariah, Ben, agus Iaasiel, agus Semiramot, agus Iehiel, agus Unni, Eliab, agus Benaiah, agus Maaseiah, agus Mattitiah, agus Eliṗaleh, agus Micneiah, agus Obed‐edom, agus Ieiel, na doirseóiriġ.
Agus Sebaniah, agus Iehosaṗat, agus Netaneel, agus Amasai, agus Saċariah, agus Benaiah, agus Elieser, na sagairt, do ṡéideadar stuic roiṁe airc Dé: agus do bé Obed‐edom agus Iehiah buḋ coiṁéaduiġe ḋoruis don aírc.
Asaṗ an túaċdarán, agus na ḋiaiġ sin Saċariah, Ieiel, agus Semiramot, agus Iehiel, agus Mattitiah, agus Eliab, agus Benaiah, agus Obed‐edom: agus Ieiel maille le saltraċaiḃ agus le clairseaċaiḃ; aċd do níoḋ Asaṗ fuáim lé cimbaluiḃ;