Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 5:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Marsin do ċoṁnuiġ Dáiḃi annsa náit ḋaingin, agus do ġoir sé caṫair Ḋáiḃi ḋe. Agus do rinne Dáiḃi fairgneaṁ timċioll fá gcuairt ó Ṁillo agus a steaċ ṫairis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 5:9
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋeaḋ do ġaḃ Daiḃi daingean neartṁar Ṡíoin: sí sin féin caṫair Ḋáiḃi.


Agus a duḃairt Dáiḃi an lásin, Giḋ bé raċus súas annsa ġúitear, agus, ḃuáiltios na Iebusitiġ, agus na bacaiġ agus na daill, ar a ḃfuil fuaṫ ag croiḋe Ḋáiḃi, sé ḃus ceann agus ḃus caíptin. Ar a naḋḃarsin a dearṫar, Ni ṫiucfaiḋ an dall nó an bacaċ don tiġ.


Marsin níor ḃáill lé Dáiḃi aírc an TIĠEARNA do ċorruġaḋ ċuige féin go caṫruiġ Ḋáiḃi: aċ rug Dáiḃi leis do leaṫtaoiḃ í go tiġ Obededom an Gititeaċ.


Agus do bé so an taḋḃar as ar ṫóg sé súas a láṁ a naġaiḋ an ríġ: do ṫóg Soluṁ Millo, agus do leasuiġ se beárrnaḋa ċaíṫreaċ Ḋáiḃi a aṫar.


¶ Mar sin do ċoduil Dáiḃi a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ é a gcaṫair Ḋáiḃi.


¶ Agus isé so fáṫ an ġeárṫa do ṫóg an ríġ Solaṁ; do ḋéanaṁ tiġe an TIĠEARNA, agus a ṫiġe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.


¶ Aċd táinic inġean Ṗárao súas as caṫruiġ Ḋáiḃi ḋá tiġ féin noċ do ṫóg Solaṁ ḋi: annsin do ṫóg sé Millo.


Agus déirġeadar a ṡerḃísiġ, agus do ċogradar ré ċeile, agus ṁarḃadar Ioas a ttiġ Ṁillo, noċ ṫéid síos go Silla.


Oír do ḃuail Iosaċar mac Simeat, agus Iehosabad mac Sómer, a ṡerḃísiġ é, agus deúg sé; agus do aḋlaiceadar é a ḃfoċair a aiṫreaḋ a ccaṫruiḋ Ḋáiḃi: agus do ríoġuiḋ Amasiah a ṁac na áit.


Agus do ċuir sé an ċaṫair súas timċioll fá ccúairt, eaḋon ó Ṁillo fá ccúairt: agus do leasuiġ Ioab an ċuid oile don ċaṫruiġ.


Agus do neartuiġ sé é féin, agus do ċuir sé súas an balla uile do ḃí briste, agus do ṫóg súas é go nuige na tuir, agus balla oíle táoḃ amuiġ, agus do leasuiġ sé Millo a ccaṫruiġ Ḋáiḃi, agus do rinne sé gaéṫe agus scíaṫa go lór.


Aċt sé Sallum ṁac Col‐hoseh, úaċdaran coda do Ṁispah, do rinne geata an tobuir; do ṫóg sé é, agus do ċuir díon air, agus do ċuir a ḋoirse súas, a ġlais, agus a ḃarrada, agus balla loċáin Ṡiloah láiṁ re gáirdín an ríġ, agus go nuige na staiġreaċa ṫéid síos ó ċaṫruiġ Ḋáiḃi.


Ierusalem ar na tógḃáil mar ċaṫraiḋ atá ar na ċoiṁċeangal innte féin ré ċéile:


Aṁairg do Ariel, do Ariel, an ċaṫair ionar ċoṁnuiḋ Dáiḃi! cuiriḋsi blíaḋuin a ccionn ḃlíaḋna; marḃaidís íoḋbarṫa.


Aċ muna ndearnaḃair, tigeaḋ teiniḋ amaċ ó Abimeleċ, agus Loisgeaḋ sí muinntir Sċeċem, agus tiġ Ṁillo; agus tigeaḋ teiniḋ amaċ ó ṁuinntir Sċeċem, agus as tiġ Ṁillo, agus loisgeaḋ si Abimeleċ.


Agus do ċruinniġeadar muinntir Sċeċem uile, agus tiġ Ṁillo uile a ḃfoċair a ċéile, agus do ehúadar, agus do rínneadar ríġ Dabimeleċ, láiṁ ré daruiġ an ṗíleir do ḃí a Sċeċem.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ