Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 5:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Giḋeaḋ do ġaḃ Daiḃi daingean neartṁar Ṡíoin: sí sin féin caṫair Ḋáiḃi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 5:7
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Dáiḃi an lásin, Giḋ bé raċus súas annsa ġúitear, agus, ḃuáiltios na Iebusitiġ, agus na bacaiġ agus na daill, ar a ḃfuil fuaṫ ag croiḋe Ḋáiḃi, sé ḃus ceann agus ḃus caíptin. Ar a naḋḃarsin a dearṫar, Ni ṫiucfaiḋ an dall nó an bacaċ don tiġ.


Marsin do ċoṁnuiġ Dáiḃi annsa náit ḋaingin, agus do ġoir sé caṫair Ḋáiḃi ḋe. Agus do rinne Dáiḃi fairgneaṁ timċioll fá gcuairt ó Ṁillo agus a steaċ ṫairis.


Marsin níor ḃáill lé Dáiḃi aírc an TIĠEARNA do ċorruġaḋ ċuige féin go caṫruiġ Ḋáiḃi: aċ rug Dáiḃi leis do leaṫtaoiḃ í go tiġ Obededom an Gititeaċ.


¶ Agus do hinnseaḋ do Ḋáiḃi ríġ, ġa ráḋ, Do ḃeannuiġ an TIĠEARNA tiġ Obed‐edom, agus a nuile ní dar ḃean ris, ar son airce Dé. Ann sin dimṫiġ Dáiḃi agus rug súas aírc Dé as tiġ Obed‐edom go caṫruiġ Ḋáiḃi maille re gaírdeaċus.


Agus a núair ṫaínic aírc an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, dféaċ Miċal inġean Ṡauil ar ḟuingeóig, agus do ċonnairc sí Dáiḃi ríġ ag leímniġ agus ag daṁsa as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarcuisniġ sí é ann a croiḋe.


¶ Mar sin do ċoduil Dáiḃi a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ é a gcaṫair Ḋáiḃi.


Agus do rinne Solaṁ cleaṁnus re Ṗárao ríġ na Hégipte, agus ṫug sé inġean Ṗárao, agus rug leis í go caṫruiġ Ḋáiḃi, nó gur ċríoċnuiġ a ṫiġ féin do ċur súas, agus tiġ an TIĠEARNA, agus balla Ierusalem timċioll fa gcuáirt.


An sin do ċruinniġ Solaṁ sinnsir Israel uile, agus cinn na ttreaḃ, prioṁaiṫre ċloinne Israel uile, gus an ríġ Solaṁ ann Ierusalem, go ttugaidís súas aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as ccaṫruiġ Ḋáiḃi, si sin Sion.


¶ Aċd táinic inġean Ṗárao súas as caṫruiġ Ḋáiḃi ḋá tiġ féin noċ do ṫóg Solaṁ ḋi: annsin do ṫóg sé Millo.


Agus do áitreiḃ Dáiḃi annsa ċaislean; uime sin, ṫugadar caṫair Ḋáiḃi dainm air.


Agus do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃi a measc na ríoġ, do ḃríġ go ndéarna sé maiṫ ann Israel aráon a ttaoḃ Dé, agus a ttaoḃ a ṫiġe.


¶ Annsin do ċruinniġ Solaṁ sinnsir Israel, agus cinn na ttreaḃ uile, toġa aiṫreaḋ ċloinne Israel, go Hierusalem, do ṫaḃairt airce ċunnarṫa an TIĠEARNA súas as caṫruiġ Ḋáiḃi, as Sion.


Aċt sé Sallum ṁac Col‐hoseh, úaċdaran coda do Ṁispah, do rinne geata an tobuir; do ṫóg sé é, agus do ċuir díon air, agus do ċuir a ḋoirse súas, a ġlais, agus a ḃarrada, agus balla loċáin Ṡiloah láiṁ re gáirdín an ríġ, agus go nuige na staiġreaċa ṫéid síos ó ċaṫruiġ Ḋáiḃi.


Oír do ṫoġ an TIĠEARNA Síon; do ḋúiliġ é mar ionad suiġe.


Giḋeaḋ do ċuir misi mo ríġ air mo ċnoc náoṁṫa Sion.


Siuḃail timċioll Ṡion, gaḃ fá ccuáirt na timċioll: áiriṁ a tuir.


Is aiṫnid Día ann a ṗálásuiḃ mar ḋídean.


Déan maiṫ do Ṡion ó do ḋeaġṫoil féin: cuir súas ballaḋa Ierusalem.


Is ionṁuin leis an TIĠEARNA geataḋa Sion ós cionn ionad suiġe Iácob uile.


Cán molta don TIĠEARNA, noċ ċoṁnuiġios a Sion: foillsiġ a measc an ṗobail a ġníoṁarṫa.


Eíġ súas agus gáir, ṫusa a áitreaḃaċ Síon: óir is mór Aon Náoṁṫa Israel ad ṁeaḋón.


¶ Agus tiucfa an Slánaiġṫeoir go Sion, agus ċum na druinge ḟilleas ó ṗeacaiḋ ann Iácob, a deir an TIĠEARNA.


Féuċ, atáim ad aġaiḋ, a áitreaḃuiġ an ġleanna, agus ċairge an réitiġ a deir an TIĠEARNA; noċ a deir, Cía ṫiucfas a núas ar naġaiḋ? nó cía raċus ann ar ttiġṫiḃ?


Agus tincfuid mórán cineaḋaċ, agus a déaruid síad, Tigiḋ, déanam súas go slíaḃ an TIĠEARNA, agus go tiġ Dé Iácob; agus muinfiḋ sé a ṡliġṫe ḋúinn, agus siuḃolum iona ċasánuiḃ: óir raċuiḋ an dliġeaḋ amaċ as Sion, agus briaṫar an TIĠEARNA ó Ierusalem.


Mar atá sgríobṫa, Féuċ, cuirim a Síon cloċ oilḃéime agus carruic ṫuisliḋ: agus giḋ bé ċreideas ann, ní ḃfuíġe sé náire.


Aċd as ċum sléiḃe Síon atá siḃ ar dteaċd, agus ċum caiṫreaċ Dé ḃí, ċum na Hierusalém neaṁġa, agus ċum cuideaċa na mílteaḋ aíngeal,


Agus daṁairc mé, agus, féuċ, Uán na ṡeasaṁ ar slíaḃ Sióin, agus céud ceaṫrar agus dá ḟiċid do ṁíltiḃ na ḟoċair, agá raiḃ ainm a Aṫar sgríoḃṫa a gcláruiḃ a néudan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ