3 Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.
Agus tangadar muínntir Iúdah, agus do ungadar Dáiḃi ann sin na ríġ ós cionn ṫiġe Iúdah. Agus dinnisiodar do Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Dob íad muinntir Iabesgílead do aḋluic Saul.
Ar a naḋḃarsin anois bidís ḃur láṁasa ar na neartuġaḋ, agus bíṫí curata: óir fúair Saul ḃur maiġistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tiġ Iúdah misi am ríġ ós a gcionn.
Agus a duḃairt Abner ré Dáiḃi, Eireoċaiḋ misi agus imṫeoċa mé, agus cruinneoċad Israel uile ċum mo ṫiġearna an ríġ, ċor go ndéanuid ceangal riot, agus go mbía tú ad ríġ ós cionn gaċ ar mían led ṁeanmuin. Agus do ċuir Dáiḃi Abner ar siuḃal; agus dimṫiġ sé a síoṫċain.
¶ Agus do rinne Iehoiada cunnraḋ idir an TTIĠEARNA agus an ríġ agus an pobal, go mbéidís na bpobal ag an TTIĠEARNA; eidir an ríġ mar an gcéadna agus an pobal.
Ar a naḋḃarsin ṫangadar sinnsir Israel uile ċum an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi cunnraḋ ríu ann Hébron a laṫair an TIĠEARNA; agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA re Samuel.
Giḋeaċ do ṫoġ an TIĠEARNA Día Israel misi roiṁe ṫiġ maṫair uile do ḃeiṫ am ríġ ós Israel go bráṫ: óir do ṫoġ sé Iúdah do ḃeiṫ na úaċdarán; agus do ṫiġ Iúdah, tiġ maṫarsa; agus a measc ṁac maṫarsa do ṫaitin misi ris do ḋéanaṁ ríġ ḋiom os cionn Israel uile:
Eiriġ, agus cruinniġ sinnsir Israel a ḃfoċair a ċeile, agus abair ríu: Do ḟoillsiġ an TIĠEARNA, Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iacob, é fein daṁsa ag ráḋ, Ṫáinic mé go deiṁin dá ḃur ḃfiosrúġaḋ, agus do ċonnairc mé, an ní do rinneaḋ riḃ sa Négipt.
Ann sin do ċuáiḋ Ieṗtah lé seanuiḃ Ġílead, agus do rinneadar an pobal ceann agus caiptín de ós a ccíonn: agus do laḃair Ieṗtah a ḃriaṫrá uile a laṫair an TIĠEARNA a Mispeh.
Agus do ċúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar ríġ do Ṡaul ann sin a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal; agus annsin do ioḋbradar ióḋbarṫa ofrála síoṫċána a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeaċus mór.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.