Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 5:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus a núair dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, a duḃairt sé, Ní raċa tú súas; aċ tarr timċioll na ndíaiġ, agus tárr orra as coinne ċrann na sinéur.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 5:23
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ḟiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé súas go haon do ċaiṫreaċaiḃ Iúdah? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Eiriġ súas. Agus a duḃairt Dáiḃi, Cait suas a raċa me? Agus a duḃairt seision, Go Hébron.


Do ċoṁairliġ Dáiḃi ris an TTIĠEARNA, ḋa ráḋ, An raċa mé súas ċum na Ḃṗilistíneaċ? an seaċoda tusa am laíṁ íad? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi, Imṫiġ súas: óir gan aṁarus do ḃéara misi na Ṗilistiniġ ad laiṁ.


Uimesin dfíafruiġ Dáiḃi a rís do Ḋía; agus a duḃairt Día ris, Ná himṫiġ súas na ndíaiġ; fill úaḋa, agus tárr orra ṫall as coinne ċrann na sméur.


Agus do ḋéana tú ré Hái agus re na ríġ, mar do rinne tú ré Ieriċo agus re na ríġ: aṁáim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuiḋe mar ċreiċ ċugaiḃ féin: cuir luiġeaċan duit ar an ccaṫruiġ táoḃ ṡíar ḋí.


Ar a naḋḃarsin teiṫfimne rompasan. Agus annsin éireoċṫaóisi as an luiġeaċán, agus sealḃuiġiḋ an ċaṫair: óir do ḃéara ḃur TTIĠEARNA Día ann ḃur láiṁ í.


Nar ṫionsguin misi an lásin Día ḟiofruġaḋ air a ṡon? go maḋ fada sin uáim: ná cuíreaḋ an ríġ éinní a leiṫ a ṡearḃḟoġantuiġ, nó a leiṫ ṫiġe maṫar uile: óir ní raiḃ fios éinneiṫe ḋe so uile ag do ṡerḃíseaċ, go beag ná go mór.


Uime sin dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé agus an mbúailfe mé na Ṗilistiniġ? Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Dáiḃi, Eiriġ agus buail na Ṗilistiniġ, agus tárrṫuiġ Ceilah.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ