Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 5:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Mar an gcéadna roiṁe so, a nuáir do ḃí Saul na ríġ ós ar gcionn, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ amaċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃairt an TIĠEARNA riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad ċaiptín os cionn Israel.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 5:2
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ do ṁair a ḃóġa láidir, agus do rinneaḋ riġṫeaċ a láṁ láidir le láṁuiḋ Dé ċuṁaċduiġ Iácob; Is as sin an táoḋaire, cloċ Israel:


Agus a duḃairt Dáiḃi re Miċal, Is do laṫair an TIĠEARNA, noċ do ṫoġ misi roiṁe haṫairsi, agus roiṁe a ṫiġ uile, dom órduġaḋ mar úaċdarán ós cionn ṗobail an TIĠEARNA, ós cionn Israel: uíme sin do ḋéana mé gáirdeaċus a laṫair an TIĠEARNA.


Ann sna huile áitiḃ ar ṡiuḃail mé lé cloinn Israel uile nar laḃair mé éanḟocal ré héintreiḃ Disrael, noċ dar aiṫin mé mo ṗobal Israel do ḃeaṫuġaḋ, ġa ráḋ, Cred fá naċ ccurṫaoi tiġ cedair súas daṁsa?


Anois ar a naḋḃarsin is mar so déara tú rem ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi, Is mar so a deir TIĠEARNA na slóġ, Do ṫóg misí ṫú ó ṁámriġ na gcaoraċ, ó leanṁuin an tréada, dot ḃeiṫ ad ríaġlóir ós cionn mo ṗobail, ós cionn Israel:


Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo ṗobail, Is marso a deir an TIĠEARNA, Díahaṫar Dáiḃi, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, sláineoċuiḋ mé ṫu: ar an treas lá raċá tú súas go tiġ an TIĠEARNA.


Agus ós a ċionn sin, a nallód, eaḋon a nuáir do ḃí Saul na ríġ, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ a maċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃáirt do ṪIĠEARNA Día riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad riaġluiġeóir ós cionn mo ṗobuil Israel.


Taḃair ḋaṁ anois eagna agus éolus, lé a raċa mé amaċ agus le a ttiucta mé a steaċ roiṁe an bpobalsa: óir cía dá ttig breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ air do ṗobal, atá coṁmórsa?


Beaṫoċuiḋ sé a ṫréud aṁúil áoḋaiare: cruinneoċaiḋ se na huáin le na láiṁ, agus iomċoruiḋ sé iona uċt íad, agus tiomáinfiḋ go mín an ċuid iona mbí óig.


Féuċ, ṫug mé eision mar ḟiaḋnuisi don ṗobal, na ṫréoraiġṫeóir agus na ċaiptín don ṗobal.


Agus cuirfe mé súas áon áoḋaire aṁáin ós a ccionn, agus beaṫoċa sé íad, eaḋon mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi; beaṫoċa sé íad, agus biáiḋ na áoḋaire aca.


¶ Agus seasfuiḋ sé agus biaṫfuiḋ sé a neart an TIĠEARNA, a mórḋaċd anma an TIĠEARNA a Ḋía; agus fanfuid síadsan: óir anois biáiḋ sé mór go foirċeann na talṁan.


Noċ ḟéadfas dul amaċ rompa, agus ḟéadfus dul a steaċ rompa, agus noċ ṫreóroċus amaċ íad, agus noċ do ḃéara a steaċ íad; go naċ biáiḋ coṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA mar ċáorċa ag naċ bía áoḋuire.


Agus tusa a Ḃetleem, talaṁ Iúda, ní tú is Iuġa eidir ḋúiḃciḋiḃ Iúdah: óir is asad ṫiocfas an Duiḃce, sdúireóċus mo ṗubal Israel.


As misi an táoḋaire maiṫ: cuiriḋ an táoḋaire maiṫ a anam féin ar son na gcáoraċ.


Oír dob iomċuḃaiḋ don tí, ar son a ḃfuilid na huile neiṫe, agus tré a ḃfuilid na huile neiṫe, ar dtaḃairt ṁorain cloinne ḋó ċum glóire, ceannurra a slánaiġṫe do ḋéunaṁ iomlán tré ḃuáiḋearṫuiḃ.


Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.


Ar a naḋḃarsin do áṫruiġ Saul uaḋa é, agus do rinne sé a ċaiptín ós cionn ṁíle ḋe; agus do téiġeaḋ sé amaċ agus do ṫigeaḋ sé asteaċ roiṁe an bpobal.


Aċ do ġráḋaiġ Israel agus Iúdah uile Dáiḃi, do ċionn go ttéiġeaḋ sé amaċ agus go ttigeaḋ a steaċ rompa.


¶ Agus do ṫíaġ Dáiḃi amaċ giḋ bé ball a gcuireaḋ Saul é, agus do iomċair é féin go glic: agus do ċuir Saul ós cionn a luċd cogaiḋ e, agus do ḃí sé taitneaṁaċ a raḋarc gaċ uile ḋuine, agus mar an gcéadna a raḋarc ṡerḃíseaċ Ṡauil.


Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.


Agus tiucfa a gcríċ, a núair do ḋéana an TIĠEARNA dom ṫiġearna do réir gaċ uile maiṫeasa dar laḃair sé dot ṫaóḃsa, agus óirdeoċus sé ṫú ad úaċdarán ós cionn Israel;


A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ