5 Agus do ċúadar clann Rimmon, an Beerotiteaċ, Reċab agus Baanah, agus tangadar timċioll ṫeasa an laói go tiġ Isboset, noċ do luiḋ ar a leabuiḋ san meaḋon laói.
¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.
¶ Agus do ḃí ag mac Ṡauil dias fear captíniġ ar ċuideaċduiḃ: buḋ é ainm duine ḋíoḃ Baanah, agus ainm a nfir oile Réċab, mic Rimmon Beerotíteaċ, do ċloinn Ḃeniamin: óir do háirṁeaḋ Beerot fós do Ḃeniamin:
Agus do ċoṁċoguir a ṡerḃíseaċ féin Simri, (caiptín leiṫe a ċarbad) na aġaiḋ, an feaḋ do ḃí ag ól a Ttirsah, nó gur ċuir é fein ar meisge a ttiġ Asa stioḃard a ṫiġe a Ttirsah.
Agus a nuaír do imṫiġeadar úaḋ, (óir dfágḃadar a neasláintiḃ móra e,) do oibriġeadar a ṡeirḃísiġ féin na aġaiḋ ar son ḟola ṁac Iehoiada an sagart, agus do ṁarḃadar é ar a leabuiḋ, agus fúair sé bás: agus do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋaiḃi, aċt níor aḋlaiceadar a ttuamaiḃ na ríoġ é.
¶ Anois déis na huaire ar ḟill Amasiah ó leanṁuin an TIĠEARNA dfealladar na aġaiḋ ann Ierusalem; agus do ṫeiṫ sé go Laċis: aċt do ċuireadarsan na ḋiaiġ go Laċis, agus do ṁarḃadar annsin é.