Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 4:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ḃí mac ag Ionatan, ṁac Sauil, do ḃí bacaċ ann a ċosuiḃ. Agus do ḃí a ccionn a ċúig mblíaḋan a nuáir ṫáinic sgéula ó Ṡaul agus ó Ionatan as Iesreel, agus do ṫóg a ḃanaltra lé é, agus do teiṫ si leis: agus tárla, mar do ḃí sí ag déanaṁ deiṫnios re teiṫeaṁ, gur ṫuit sé, agus go ndéarnaḋ bacaċ é. Agus sé dob ainm ḋó Meṗibóset.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 4:4
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do ċoigil an ríġ Meṗibóset, ṁac Ionaṫan ṁic Sauil, do ḃríġ ṁionna an TIĠEARNA do ḃí eatorra, idir Ḋáiḃi agus Ionatan ṁac Sauil.


Marsin do ċoṁnuiġ Meṗibóset a Nierusalem: óir do iṫeaḋ se a gcoṁnuiḋe ar ḃórd an ríġ; agus do ḃí sé bacaċ iona ċosuiḃ.


Agus a dnḃairt an ríġ ris, An mairionn éanduine fós do ṫiġ Ṡauil, go ḃfoillsiġiḋ mé muinntearḋus Dé ḋó? Agus a duḃáirt Síba ris an ríġ, Atá mac fós ag Ionatan, noċ atá bacaċ iona ċosuiḃ.


Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!


Gur ṫeiṫ Hádad, é féin agus Edomitiġ áiriġ do ṡearḃḟoġantuiḃ a aṫar maille ris, do ḋul don Négipt; ar mbeiṫ do Hádad fós na leanaṁ óg.


Agus mac Ionatan Merib‐baal; agus do ġein Merib‐baal Micah.


Agus do bé mac Ionatain Meribaal: agus do ġein Meribaal Micah.


Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a sluaġ uile a gcionn a ċéile go Haṗec: agus do ḃí Israel a ccampa láiṁ re tobar atá ann Iesreel.


Mar sin déiriġ Dáiḃi agus a ṁuinntir ċum imeaċd go moċ ar maidin, dfilleaḋ go críċ na Ḃṗilistineaċ. Agus do ċúadar na Ṗilistiniġ súas go Iesreel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ