Agus do ḃí mac ag Ionatan, ṁac Sauil, do ḃí bacaċ ann a ċosuiḃ. Agus do ḃí a ccionn a ċúig mblíaḋan a nuáir ṫáinic sgéula ó Ṡaul agus ó Ionatan as Iesreel, agus do ṫóg a ḃanaltra lé é, agus do teiṫ si leis: agus tárla, mar do ḃí sí ag déanaṁ deiṫnios re teiṫeaṁ, gur ṫuit sé, agus go ndéarnaḋ bacaċ é. Agus sé dob ainm ḋó Meṗibóset.