39 Agus atáimsi a niuġ lag, gé táim am ríġ ungṫa; agus atáid an ṁuínntirsi mic Ṡeruiah roċruáiḋ ḋaṁ: do ḃéara an TIĠEARNA a luáiġeaċd dfior a nuilc do ḋéanaṁ, do réir a ċionta.
Agus a duḃairt an ríġ, Cred é ḋamsa agus dáoiḃsi, a ċlann Ṡeruiah? marsin léigṫear ḋó malluġaḋ, do ḃríġ go nduḃaírt an TIĠEARNA ris, Malluiḋ Dáiḃí. Cía déaras ann sin, Cred fá ndéarna tú marso?
Agus abruiḋ ré Amasa, naċ dom ċnáiṁ, agus dom ḟeóilse ṫusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raiḃ tusa ad ċaiptín an tslóiġ agamsa ċoiḋċe a náit Ióab.
Agus a duḃairt Dáiḃi, Créd ta agamsa re deanaṁ riḃse, a ċlann Ṡeruiah, go mbiaḋ siḃ a niuġ ag cur am aġaiḋ? an gcuirfiġear éanduine ċum báis a niuġ a Nisrael? óir naċ ḃfuil a ḟios agumsa go ḃfuilim féin a niuġ am ríġ ós cionn Israel?
Agus fillfiḋ an TIĠEARNA a ḟuil ar a ċeann féin, nóċ do ṫiomáin ar ḋís do ḋáoiniḃ buḋ fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do ṁarḃ sé íad leis an ccloiḋeaṁ, gan a ḟios ag maṫair Dáiḃi, Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Israel, agus Amasa ṁac Ieter, caiptín slóiġ Iúdah.
Anois ar a naḋḃarsin ná meassa neiṁċiontaċ é: óir is duine críonna ṫú, agus atá a ḟios agad cred is cóir ḋuit do ḋéanaṁ ris; aċd taḃair a ċeann líaṫ síos ċum na huáiġe ré fuil.
Agus a duḃairt Dáiḃi, Atá mó ṁac Solaṁ óg máoṫ, agus an tiġ ċaiṫfiġṫear do ḋéanaṁ don TIĠEARNA s éigin a ḃeiṫ roṁórḋálaċ, do ċlú agus do ġloir ar feaḋ a nuile ċríoċ: ar a naḋḃarsin do ḋeána misi anois ullṁuġaḋ na ċoinne. Marsin do ġléus go ro acfuinneaċ roiṁe a ḃás.
Tuilleaṁ olle a duḃairt Dáiḃi ríġ ris an ccoṁċruinniuġaḋ uile, Mo ṁac Solaṁ, aṁáin noċ do ṫoġ Día, atá sé fós óg agus maoṫ, agus atá a nobair mór: óir ní do ḋuine atá an pálás, aċd don TIĠEARNA Día.
Agus do cruinniġeaḋ ċuigesion dáoine díoṁáoine, clann Ḃélial, agus do neartuiġeadar íad féin a naġaiḋ Rehoboam ṁic Soluiṁ, a nuaír do ḃí Rehoboam óg agus bogċroiḋṫeaċ, agus nar ḟéad cur na naġaiḋ.
Agus abair ris, Haire ḋuit, agus bí suáiṁneaċ; ná bioḋ eagla ort, agus ná bí lagċroiḋṫeaċ ar son ḋá earball án dá aiṫinne deatuiġsi, ar son feirge Resin maille re Síria, agus mac Remaliah.
Annsin daiṫin an ríġ, agus ṫugadar Dániel léo, agus do ṫeilgiodar é a nuáiṁ na leoṁan. Anois do laḃair an ríġ, agus a duḃairt sé ré Dániel, Sáorfuiḋ do Ḋía ṫú, dá ḃfóġnann tú a ccoṁnuiḋe.
Oír a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é ċum do ṁaiṫeasasa. Aċd dá ndéarnaiḋ tú olc, bíoḋ eagla órt; óir ní go dioṁáoineaċ iomċras sé an cloiḋeaṁ: óir a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é, na ḋioġaltóir feirge ar an tí do ní olc.