¶ Agus do ċuir Abner teaċda ċum Dáiḃi ḋá ṫáoiḃ féin, ga ráḋ. Cia ler leis an dúiṫċe? ga ráḋ fós, Déana ceangal riomsa, agus, féaċ, biáiḋ mo laṁ leaċd, do ṫaḃairt Israel uile timċíoll ċugad.
Agus atáimsi a niuġ lag, gé táim am ríġ ungṫa; agus atáid an ṁuínntirsi mic Ṡeruiah roċruáiḋ ḋaṁ: do ḃéara an TIĠEARNA a luáiġeaċd dfior a nuilc do ḋéanaṁ, do réir a ċionta.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Habner, Naċ ḃfuil tusa ad ġaisgiḋeaċ ḃeóḋa? agus cía as cosṁuil riot ann Israel? uime sin cred fa nar ċoiṁéad tú do ṫiġearna an ríġ? óir ṫáinic duíne don tslúaġ a steaċ do ṁarḃaḋ an ríġ do ṫiġearna.