Agus do ċuṁadar, agus d ġuileadar, agus do ṫroisceadar go tráṫnóna, ar son Ṡauil, agus a ṁic Ionatan, agus ar son ṗobail an TIĠEARNA, agus ar son ṫiġe Israel; do ḃríġ gur ṫuiteadar leis an gcloiḋeaṁ.
Agus do corruiġeaḋ an ríġ go mór, agus do ċuáiḋ súas don tséomra ós cionn an ġeata, agus do ġuil sé: agus ag imṫeaċd dó, a dúḃairt mar só, O a ṁic Absolon, a ṁic, a ṁic Absolón, do ḃféarr liom gur mé féin do ġeaḃaḋ bás ar do ṡon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!
Agus dfúagair Dáiḃi dá óganaċuiḃ, agus do ṁarḃadar íad, agus do ġearradar a láṁa agus a ccosa ḋíoḃ, agus do ċroċadar súas íad ós cionn an loċáin ann Hébron. Aċd do ṫógḃadar ceann Isboset, agus do aḋlaiceadar é a ttúama Abner ann Hébron.