31 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Ióab, agus ré a raiḃ na ḟoċair, Brisiḋ ḃur néaduiġe, agus gaḃuiḋ siḃ féin a saic‐éadaċ, agus caóiniḋ roiṁe Abner. Agus do lean Dáiḃi an ríġ féin an cróċar.
Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.
¶ Agus a duḃradar a ṁuinntir ris, Féuċ anois, do ċúalamar go raḃadar ríġṫe ṫiġe Israel na ríġṫe trócaireaċa: guiḋim ṫú, cuirmid saiceadaċ a ttimċioll ar níoċtair, agus rópaḋa air ar cceannuiḃ, agus teaġmaoid amaċ go ríġ Israel: do ḃféidir go sáḃálaḋ sé hanamsa.
¶ Agus tárla, a nuáir do ċuála Ahab na bríaṫra sin, gur réub sé a éadaċ, agus gur ċuir saicéadaċ ar a ċorp, agus gur ṫroisg, agus gur luiḋ a néadaċ tóinniġ, agus gur imṫiġ go mín.
Agus do ċuir sé Eliacim, do ḃí ós cionn an teaġluiġ, agus Sebna an scriḃneóir, agus sinnsir na sagart, a cculaḋuiḃ ṡaicéaduiġ, go Hisaiah an fáiġ mac Amos.
¶ Agus do stíall Iosua a éadaċ, agus do ṫuit ċum talṁan ar a aġaiḋ as coinne airce an TIĠEARNA go tráṫnóna, é féin agus sinnsir Israel, agus do ċuireadar luáiṫreaḋ ar a gceannuiḃ.
Agus tárla, a nuáir do ċonnairc sé í, gur réub sé a éadaċ, agus go nduḃairt sé, Uċ, a inġean! do ḃrúiġ tú síos mé, agus is áon don droing ḃuaiḋrios mé ṫú: óir dfoscuil mé mo ḃéul don TIĠEARNA, agus ní ḟéaduím dul air mais.