Agus do ḟreagair Absolon Ióab, Féuċ, do ċuir misi fios ort ḋa ráḋ, Tárr annso, go gcuiriḋ mé ċum an ríġ ṫú, ḋá ráḋ, Cred fá ttáinic mé ó Ġésur? do bfearr ḋaṁ gurob ann sin do ḃéinn fós: anois air a naḋḃarsin faicim gnúis an ríġ; agus matá coir ar biṫ orum, marḃaḋ sé mé.
¶ Agus tárla a ndiaiġ ḋá ḟíṫċiod blíaḋan, go nduḃairt Absolon ris an ríġ, Guiḋim ṫú, taḃaír ḋaṁ cead dul do ḋíol mo ṁóide, ṫug mé don TIĠEARNA, ann Hébron.
Oír ṫug do ṡearḃḟoġantuiġ móid a nuáir do ḃí mé am ċoṁnuiġ a Ngésur a Síria, ġa ráḋ, Má ḃeirionn an TIĠEARNA mé go dearḃṫa a rís go Hierusalem, ann sin do ḋéana mé serḃís don TIĠEARNA.
Agus do corruiġeaḋ an ríġ go mór, agus do ċuáiḋ súas don tséomra ós cionn an ġeata, agus do ġuil sé: agus ag imṫeaċd dó, a dúḃairt mar só, O a ṁic Absolon, a ṁic, a ṁic Absolón, do ḃféarr liom gur mé féin do ġeaḃaḋ bás ar do ṡon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!
Agus níor ċuir a aṫair na aġaiḋ uair ar bíṫ a ráḋ, Cred fa ndeárna tú marso? agus do ḃí seison mar an gcéadna na ḟear ro ḃreáġa; agus a ndiáiġ Absolon do rug Haggit é.
Agus a duḃairt seision, Atá a ḟios agad go maḋ liomsa an rioġaċd, agus gur iompóiġ Israel uile a naġaiḋ orum, dom ḃeiṫ am ríġ: giḋeaḋ diompóiġ an rioġaċd fa gcuairt, agus ṫáinic ċum mo ḋearḃraṫar: óir fa leision ón TTIĠEARNA í.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.
Agus do ḃrostuíġ Abigail uirre, agus déiriġ, agus do ċuáiḋ ar assal, agus cúigear ógḃan dar buḋ leiġ na diáiġ; agus do lean sí teaċda Ḋáiḃi, agus do ḃí na mnaói aige.
¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir súas, agus do ṫiomáineadar air na Gesurítiḃ, agus na Gersítiḃ, agus na Hamalecitiḃ: óir dob íad sin san tseanaimsir áitreaḃaiġ na tíre, mar ṫéid tú go Súr, air fad go críċ na Hégipte.