28 ¶ Agus na ḋíaiġ sin, a núair do ċúalaiḋ Dáiḃi é, a duḃairt sé, Atáimse agus mo rioġaċd neṁċiontaċ a laṫair an TIĠEARNA go bráṫ ó ḟuil Abner ṁic Ner:
Dfill an TIĠEARNA ort fuil ṫiġe Ṡauil uile, ann a áit a raiḃ tusa an ríġ; agus ṫug an TIĠEARNA an rioġaċd a láiṁ do ṁic Absolon: agus, feuċ, rugaḋ ortsa ann hurċóid, do ḃríġ gur duine fuilteaċ ṫú.
Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.
Coṁnuiġeaḋ sí ar ċeann Ióab, agus ar ṫiġ a aṫar uile; agus nar ṫeasduiġ ó ṫiġ Ióab duine ar a mbía créaċd ṡillte, nó ḃías na loḃar, nó dar buḋ éigin siuḃal le bata, nó ṫuitfios ar an gcloiḋeaṁ, no ar a mbía easḃaiḋ aráin.
Mar sin ní ṫruállfíḋe an dúṫaiġ ann a ḃfuiltí: óir truailliḋ a nfuil an dúṫaiḋ: agus ní héidír an fearann do ġlanaḋ ón nfuil ḋóirtear ann, aċd lé fuil an té do ḋóirt í.
Agus ar ḃfaicsin do Ṗióláid naċ raiḃ tarḃa ḋó an én ní, aċd gur mó an ḃuáirt ṫáinic ḋe, ar ngaḃáil uisge ċuige, do ionnail sé a láṁa a ḃfíaḋnuisi an ṗobail, ag ráḋ, A táimsi neiṁċiontaċ ó ḟuil an ḟiréanuiġ so: féuċuiḋsi ḋiḃ féin.