As aiṫniḋ ḋuitse Abner ṁac Ner, gur dot ṁeallaḋ ṫáinic sé, agus dfaġáil feasa do ḋula amaċ agus do ṫeaċd a steaċ, agus dfios a nuile neiṫe da ndéan tú.
Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.