Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 3:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 As aiṫniḋ ḋuitse Abner ṁac Ner, gur dot ṁeallaḋ ṫáinic sé, agus dfaġáil feasa do ḋula amaċ agus do ṫeaċd a steaċ, agus dfios a nuile neiṫe da ndéan tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 3:25
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agús a duḃairt seision riu, Ní heaḋ, aċd is dféaċuin éadaingneaċ na tíre ṫangaḃair.


Cuiriḋ duine aguiḃ ar siuḃal, agus tugaḋ sé ḃur ndearḃraṫaír leis, agus coinneoċṫar siḃsi a bpríosún, nó go ndearbṫar ḃur mbríaṫra, an ḃfuil fírinne ionnuiḃ: nó dar anum Ṗárao, go dearḃṫa is luċd braṫa siḃ.


Agus do ċuiṁniġ Ióseṗ air a naisling do ċonnairc sé na ttimċiollsán, agus do ráiḋ ríu, Is luċd braṫa siḃ tangaḃair dféaċuin éadaingneaċ na tíre.


Agus a duḃradar prionnsuiḋe ċloinne Ammon ré Hanun a ttiġearna, An sáoileann tusa go ttugann Dáiḃi onóir dot aṫair, as a ccuirfeaḋ sé daóine dot ṡólásuġaḋ? naċ é aḋḃar far ċuir Dáiḃi a ṡeirḃísiġ ċugad, do spíonaḋ na caiṫreaċa, agus dá braṫ, agus dá scrios.


Ann sin ṫáinic Ióab ċum an ríġ, agus a duḃairt sé, Cred an ni so do rinne tú? féuċ, ṫáinig Abner ċugad; cred fár ċur tu air siuḃal é, agus dimṫiġ sé ṫríd amaċ?


Agus a núair ṫaínic Ióab amaċ ó Ḋáiḃi, do ċuir sé teaċda a ndiaiġ Abner, noċ ṫug air ais é ó ṫobar Sirah: aċ ní raiḃ á ḟios ag Dáiḃi.


Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.


Nó go ttí misi agus go mbeiriḋ mé liom siḃ a ḃfearann cosṁuil ré ḃur ttír féin, dúiṫċe arḃa agus ḟíona, dúiṫċe aráin agus ḟíneaṁna, dúiṫċe ola ċrann‐ola agus meala, ċor go mairfíḋe, agus naċ ḃfuiġe siḃ bás: agus ná héistiḋ re Heseciah, a nuáir ċuirfeas sé impiḋe oruiḃ, ḋa ráḋ, Táirṫeoċaiḋ an TIĠEARNA sinn.


Cuiṁdeoċuiḋ an TIĠEARNA do ḋul amaċ agus do ṫeaċt a steaċ ó namsa amaċ, agus go síorruiḋe.


Aċt atá fios do ċoṁnuiġe agamsa, agus do ḋul amaċ, agus do ṫeaċda a steaċ, agus do ċuṫaċ am aġaiḋsi.


Noċ ḟéadfas dul amaċ rompa, agus ḟéadfus dul a steaċ rompa, agus noċ ṫreóroċus amaċ íad, agus noċ do ḃéara a steaċ íad; go naċ biáiḋ coṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA mar ċáorċa ag naċ bía áoḋuire.


Agus do ḃí monaḃar mór a measg an ṗobuil na ṫimċeallsan: oír a duḃairt cuid díoḃ, As duine maiṫ é: aċd a duḃairt cuid eile, Ní heaḋ; aċd mealluiḋ sé an pobal.


Ar a naḋḃarsin do ḟreagradar na Ṗairísíniġ iádsan, An ḃfuiltísi mar an gcéudná ar ḃur meallaḋ?


Ar a naḋḃarin ní héidir do leisgél a ġaḃáil, a ḋuine, giḋ bé ar biṫ ṫú ḋamnuiġeas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neaċ eile, dáoraḋ tú ṫú féin; óir ṫusa ḋáorus duine eile do ní tú na neiṫe céadna.


Buḋ beannuiġ ṫú a nuáir ṫiucfas tú a steaċ, agus buḋ beannuiġ ṫú a nuáir raċus tú amaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ