¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.
Giḋeaḋ do ċonnairc búaċaill íad, agus dinnis sé sin do Absolon: aċd dimṫiġeadarsan aráon go lúaṫ, agus tangadar go tiġ ḋuine ann Bahúrim, agá raiḃ tobar ann a ċúirt; mar a ndeaċadar síos.
Agus do ḃí míle fear do Ḃeníamin na ḟoċair, agus Síba óglaċ tiġé Ṡauil, agus a ċúig mic déug agus fiṫċe serḃíseaċ na ḟoċair; agus do ċúadar tar Iordan roiṁe an ríġ.
Agus, féuċ, atá agad Símei ṁac Gera, Beniamíteaċ ó Ḃahúrim, noċ do ṁalluiġ orumsa le malluġaḋ deanaċdaċ annsa lo a ndeaċaiḋ mé go Mahanaim: aċd ṫáimc sé a núas am ċoinne go Iordan, agus do ṁionnuiġ mé ḋo fan TTIĠEARNA, ġa raḋ, Ní ċuirfe mé ċum báis ṫú leis an ccloiḋeaṁ.
Agus do ċuáiḋ Ismael ṁac Netaniah amaċ as Mispah na ccoinne, ag gul ar fad ag imṫeaċt dó: agus tárla, mar do ṫeagṁuiḋ ḋóiḃ, go ndúḃairt sé ríu, Tigiḋ go Gedaliah ṁac Ahicam.