Ar a naḋḃarsin sí mo ċoṁairlesi, Israel uile do ċruinniuġaḋ, ó Ḋan go Beerséba, mar an ngaineaṁ atá ċois na fairge ar iomadaṁlaċd; agus ṫu féin do ḋul a ccaṫ ad ṗearsuinn féin.
Oir a duḃairt an ríġ ré Ióab caiptín a ṡlóiġ, noċ do ḃí na ḟoċair, Eiriġ anois ar feaḋ ṫreaḃ Israel, ó Ḋan go Beerséba, agus coṁáir an pobal, ċor go mbía fios uiḃre an ṗobail agumsa.
Agus a duḃairt Abner ré Dáiḃi, Eireoċaiḋ misi agus imṫeoċa mé, agus cruinneoċad Israel uile ċum mo ṫiġearna an ríġ, ċor go ndéanuid ceangal riot, agus go mbía tú ad ríġ ós cionn gaċ ar mían led ṁeanmuin. Agus do ċuir Dáiḃi Abner ar siuḃal; agus dimṫiġ sé a síoṫċain.
An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.