Do ṡáor tusa mé mar an gcéadna ó ċeannairgiḃ mo ḋaoine, do ċuṁduiġ tú mé do ḃeiṫ am ċeann air na geintiḃ: daoine nar ḟeadair mé, do ḋéanuid serḃís daṁ.
Agus dinnis Háman dá ṁnaói Seres agus dá ċáirdiḃ uile gaċ ní dár éiriġ ḋó. Annsin a duḃradar a ḋaoine glioca agus Seres a ḃean ris, Más do ṡíol na Niúduiġeaḋ Mordecai, re ar ṫosuiġ tú tuitim, ní ḃéara tú buáiḋ na aġaiḋ, aċd is dearḃ go ttuitfiḋ tú roiṁe.
Oír bí míanġus na colla a naḋuiġ na Sbíoruiḋe a naḋuiġ na colla: agus atáid so contrárḋa ḋá ċéile: ionnas naċ féidir liḃ na neiṫe as mían riḃ do ḋéunáṁ.
Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, aċd ré húaċdaranuiḃ, ré cúṁaċduiḃ, ré prionnsuiḋiḃ an doṁuin ḋorċaduis an tsáoġailse, ré droċsbioraduiḃ, noċ atá sna hionaduiḃ árda.
Agus do ḟéuċ mé, agus féuċ eaċ bán: agus an tí do ṡuiġ air, do ḃí bóġa aige; agus tugaḋ coróin dó: agus do ċuáiġ sé amaċ maille ré buáiḋ, agus ċum buáiḋe do ḃreiṫ ḋó.